
Sraith úrnua den chlár is binne agus is simplí dá bhfuil ann – seisiún bríomhar ceoil ó fhód an dúchais agus ó theach tábhairne a bhfuil cáil an cheoil air agus nádúr an cheoil ann, á chur i láthair ag ceoltóir aitheanta áitiúil.
Tá gean agus meas ar an tsraith seo ag na ceoltóirí féin agus leanfar leis an nósmhaireacht chéanna sa séasúr nua ina bhfuil na láithreoirí agus na hionaid seo a leanas:
Carmel O’Dea (O’Keefe’s, Inis, Co an Chláir), Brenda Curtin (Murphy’s, Mainistir na Féile, Co Luimnigh); Paudie O’Connor (Browne’s, Oileán Chiarraí); Pádraic Mac Donnchadha (The Hill Bar, Cill Tormóir, Gaillimh Thoir);Ronan Browne (Kelehan’s, cathair na Gaillimhe); Cathy Jordan, (The Harp Tavern, Sligeach), Ciarán Kelly (The Black Cat Cove, Béal Leice, Co. Fhear Manach); Christy Leahy (The White Horse, Baile an Chollaigh, Corcaigh), Fionn Mac Giolla Chuda, (The Local, Dún Garbhán, Co Phort Láirge), Aisling Ní Choisdealbha (The Mill House, Ros Cré, Co Thiobraid Árann), Mary Corcoran, (O'Shea Merchants, Dublin), Peter Browne, (Birchalls, Dublin), Donal Lunny, (O'Rourkes, Newbridge).
