Baile » Cláir » I mBarr do Shláinte

I mBarr do Shláinte 

Séasúr nua, 9 gclár,  den tsraith eolais agus comhairle ar cheisteanna sláinte a bhíonn ag cur as don phobal. Is í an Dr Sinéad O’Beirn, dochtúir teaghlaigh, an láithreoir agus í ag cur tuairiscí inár láthair ar cheisteanna ábharacha agus ag caint le daoine a bhí i ngleic leis na fadhbanna atá faoi chaibidil sa gclár. 

Ailse phróstataigh - 05.11 @ 20:00

Ailse phróstataigh a bheidh faoi chaibidil ar an gclár sláinte seo mar gurb é mí na Samhna mí feasachta d'ailse phróstataigh. Faigheann 2,500 fear ailse phróstataigh gach bliain in Éirinn. Beidh tuairisc ag Catherine Ní Ghuairim agus labhróidh sí leis an Máinlia Próstatach Comhairleach Paddy O Malley.

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith