Baile » Cláir » Imeall

Séasúr nua den tsraith sheachtainiúil ar shaol na n-ealaíon agus an chultúir, á chur i láthair ag Tristan Rosenstock, ceoltóir cumasach é féin, dar ndóigh.

Cuireann an tsraith ardán ar fáil d’ealaíontóirí agus tabharfar cuairt orthu agus iad i mbun cruthaíochta, ag  ceol, ag amhrán, ag damhsa, ag scríobh, ag aisteoireacht, ag stiúradh, ag péintéireacht agus ag dealbhóireacht. 

Ealaíontóirí aitheanta a bhíonn i mbun na míreanna eile de réir mar oireann don ábhar: Sinéad Ní Mhaonaigh, Rossa Ó Snodaigh,  Theo  Dorgan, Michael Cronin, Úna Mullally, Darach Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Róise Goan, Dermot McLaughlin agus Sibéal Davitt.

Ar na buaicphointí  ó thús an tséasúir, tá  ceiliúradh ar an drámadóir Gaillimheach, Tom Murphy,  oscailt súl ag Féile Chorp-Phéinteála i gCorcaigh, tuairisc ó Chill Rialaigh in Uíbh Ráthach ar thogra fad-bhunaithe Noelle Campbell-Sharpe do na healaíona agus scannán taibhsiúil faoi Earrach na nArabach.

Share |

123
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith