Baile » Cláir » Jockey Eile

Agus tú ag féachaint orthu ón seastán nó ar an teilifís, shílfeá uaireanta go bhfuil sé furasta go maith bheith id mharcach  ráschapaill – ach níl !

Seo chugat sraith sé chlár ina dtugtar an deis do 20 ógánach, idir fhir is mhná a gcumas mar mharcaigh a léiriú agus dul i bhfeidhm ar shaineolaithe, ina measc Séan Bán Breathnach agus Joe Connolly  más áil leo dul chun cinn.

Tá comhairle (agus cáineadh freisin nuair is gá) ar fáil ó mharcaigh aitheanta ar nós Davy Russell agus Kevin Manning sa tréimhse ráithe ina bhfuil an fiche ógánach ag ullmhú don dúshlán.  Tá orthu ceadúnas speisialta a fháil ón Turf Club sula bhfaigheann an dream is fearr acu an deis bheith mar mharcach i rás ceart ar ráschúrsa aitheanta.

Mar is gnách sa saol rásaíochta, is ag an mbuaiteoir ag bheidh an chraobh (agus an duais airgid freisin).

Share |

12345678
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith