
Guth laethúil an chainéil, léiriú sainiúil ar an tsúil eile. Bíonn an bhéim ar scéalta na Gaeilge, na Gaeltachta agus na réigiún, sa mbaile agus i gcéin. Tá cáil ar Nuacht TG4 as an tsúil a choinníonn sí ar phobail ar fud na tíre.
Insíonn Nuacht TG4 scéalta na ndaoine nach mbeadh cead cainte acu ar ardáin eile. Is í Eimear Ní Chonaola a chuireann na scéalta sin i láthair gach oíche ar Nuacht TG4. Beidh meascán do scéalta is fearr gach seachtain, idir scéalta réigiúnach agus scéalta ón ghaeltacht le fáil ar an gclár Timpeall na Tíre.
