Baile » Cláir » Ó THOLG GO TOLG

Ó Tholg go Tolg - Sraith 2 

Séasúr nua den tsraith nuálach taistil agus eachtraíochta bunaithe ar an surfáil tolg.     Tá borradh agus fás as cuimse tagtha air le gairid agus ní hiontas sin mar nach mbíonn aon chostas lóistín i gceist! 

Níl le déanamh ach clárú le ceann de na Suímh Gréasáin a riarann an scéim, teacht ar dhuine atá sásta a sheomra spártha nó a tholg a sholáthar duit ar feadh cúpla lá agus seo leat ag taisteal.   Cé go dtig leat cuireadh ar ais chugatsa a thabhairt dod chara nua, níl sin éigeantach.    Tá 350,000 tolg ar fáil san Eoraip faoi na scéimeanna seo cheana féin, deirtear.

Sa tsraith nua seo, tugann an bheirt  bhan faoin Eoraip  - an láithreoir Bláthnaid Tracey agus a ceamaradóir, Laura O’Connell. Beirt chumasach iad seo a bhfuil fonn siúil orthu agus cumas scéalaíochta iontu.

Is go hoirdheisceart na hEorpa atá a dtriall den chuid is mó an séasúr seo. Tugann siad aghaidh ar dtús ar an nGearmáin agus as sin chun na hOstaire agus chuig na críocha Balcánacha.  Caithfidh siad seal san Ungáir, áit a ruaigtear amach as sean-teach iad. Ar aghaidh leo ansin chun na Cróite agus an chuid eile den réigiún sin inar tharla dian-chogaíocht fiche bliain ó shin.

Tugann siad aghaidh ar an mbaile arís, ag stopadh sa Veinéis, san Eilbhéis, i Dijon agus i bPáras, áit a gcastar fear mealltach orthu.

Share |

123
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith