BAILE » Cláir » ROS NA RÚN

Tá an dúchas tíriúil agus an greann i gcroílár an dráma agus tá sé nádúrtha, rud a thuigeann an pobal féachana sa bhaile agus i gcéin. Ní ionann sin agus a rá nach bhfuil gach gné den saol comhaimseartha - ceisteanna caidrimh, grá, gnó, teannas teaghlaigh, magadh agus spochadh na gcomharsan agus mórfhadhbanna pearsanta agus pobail le feiceáil ann.

Ar na téamaí reatha a thiocfaidh chun cinn go luath an séasúr seo, beidh duine de na príomhcharachtair i mbéal báis tar éis do dhuine atá in iomaíocht grá leis é a ionsaí go fíochmhar, cuirfear brú ar lánúin phósta nuair a thiocfaidh iarleannán le duine acu ar an bhfód arís, cuirfidh spéirbhean eile atá tagtha ar an mbaile lucht biadáin an bhaile i mbun cabaireachta go dtréan. Níl aon mhaolú ar spídiúlacht na baintrí Tina ach oiread agus aimsíonn sí sprioc nua lena díoltas a agairt air.  Tá cuairteoir ag David bocht nach dtig leis a dhíbirt.  Tosóidh an séasúr le snáth scéil atá an-ghar don chnámh.  Carachtar a bhfuil amhras ann gur péidifileach é, rud a ghineann go leor corraíle sa phobal agus cor cinniúnach i saol roinnt daoine, idir shean agus óg.


Dé Máirt - 22/5 @ 20:30

An mbeidh Gráinne ábalta rún Caitríona a choinneáil ó Dhara?

Tagann Gráinne ar an bplean rúnda atá ag Caitríona chun gearradh caesarach a fháil. Baintear geit aisti nuair a oibríonn sí na dátaí amach agus tuigeaann sí gurb é Breandán athair an pháiste.

An bhfaighfaidh Bernie aon phríobháideachas?

Tá rudaí ag fáil teasaí idir Bhernie agus Cathal ach tá sé deacair orthu príobháideachas a fháil. Tá plean ag Bernie chun fáil réidh le hEvan. Insíonn sí dó cuairt a thabhairt ar Mháire agus Peadar chun fáilte a chuir roimh Megan. Ach titeann a plean as a chéile nuair a thagann Evan ar ais go luath le Megan in éineacht leis.

Share |

Dé Máirt & Déardaoin @ 20.30 | Ollchlár De Domhnaigh @ 22.30

12345678
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith