Baile » Cláir » Rugbaí ar TG4 » Baile

Clúdach cuimsitheach TG4 ar an Guinness PRO12

Leanfaidh TG4 lena chlúdach rugbaí saor go haer an Fómhar seo le beochraoladh  ar an gcomórtas nua sraithe an Guinness PRO12.  Beidh dianchoimhlint ann agus tá rogha tharraingteach cluichí ag TG4 ina mbeidh na foirne as an tír seo san iomaíocht gach tráthnóna Aoine thar 22 deireadh seachtaine go dtí na babhtaí leath-cheannais agus ceannais i mBealtaine 2015.

Cuirfear tús le beochraoladh TG4 leis an gcluiche Mumha v Dún Éidean i bPáirc Thuamhain ar an Aoine 5 Meán Fómhair.

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill an láithreoir le tráchtaireacht ó Ghearóid Mac Donncha agus anailís ó Eoghan Ó Neachtain, John Broderick agus Éamonn Molloy.

An tSeachhtain Seo  

Dé hAoine @ 7:10pm

Craoladh beo ar Glasgow Warriors v Cúige Uladh i gCluiche Leathcheannais Shraith Guinness PRO12 as Scotstoun, Glaschú. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

Dé Satharn @ 2:00pm

Craoladh beo ar Chúige Mumhan v Ospreys i gCluiche Leathcheannais Shraith Guinness PRO12 ar Pháirc Thuamhan. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

Dé Domhnach @ 10:00pm

Súil siar ar Gloucester v Cúige Chonnacht i gcluiche cáilithe Chorn na Seaimpíní as Staid Kingsholm. D’éirigh le Connachta, ar éigin, dul ar aghaidh chuig an gcluiche cáilithe cé gur chaill siad an cluiche a bhí acu in aghaidh Ospreys 20-24 sa Sportsground Dé Sathairn seo caite ach thug bua Laighean ar Dhún Éideann slán iad. Tabharfaidh buaiteoirí an chluiche seo aghaidh ar an bhfoireann a chríochnaíonn sa seachtú háit den 14 fhoireann is fearr san Fhrainc chun áit a bhaint amach i gCorn Seaimpíní na bliana seo chugainn. Á chur i láthair ag Conall Ó Cíobháin. 

19/12/2014

Guinness PRO12 - Babhta 10
Laighin 21 | 11 Connachta

26/12/2014

Guinness PRO12 - Babhta 11
Mumha 28 | 13 Laighin

01/01/2015

Guinness PRO12 - Babhta 12
Connachta 24 | 16 Mumha

09/01/2015

Guinness PRO12 - Babhta 13
Connachta 13 | 16 Edinburgh

14/02/2015

Guinness PRO12 - Babhta 14
Mumha 33 | 16 Cardiff Blues

20/02/2015

Guinness PRO12 - Babhta 15
Laighin 29 | 8 Zebre

27/02/2015

Guinness PRO12 - Babhta 16
Ospreys 9 | 9 Laighin

1/03/2015

Guinness PRO12 - Babhta 16
Connachta 53 | 5 Benetton Treviso

6/03/2015

Guinness PRO12 - Babhta 17
Cardiff Blues 18 | 17 Connachta

27/03/2015

Guinness PRO12 - Babhta 18
Laighin 34 | 34 Glasgow Warriors

11/04/2015

Guinness PRO12 - Babhta 19
Edinburgh 3 | 34 Mumha

25/04/2015

Guinness PRO12 - Babhta 20
Connachta 13 | 31 Glasgow Warriors

25/04/2015

Guinness PRO12 - Babhta 20
Mumha 30 | 19 Benetton Treviso

8/05/2015

Guinness PRO12 - Babhta 21
Laighin 10 | 0 Bennetton Treviso

16/05/2015

Guinness PRO12 - Babhta 22
Mumha 50 | 27 Dragons

22/05/2015

Guinness PRO12 - Babhta 23
Glasgow Warriors v Ulaidh

Tús Cluiche: 7:45pm

Láithreoir: Máíre Treasa Ní Dhubhghaill
Tráchtaire: Gary Mac Donncha
Anailís: Eoghan Ó Neachtain & Eamonn Molloy

23/05/2015

Guinness PRO12 - Babhta 23
Mumha v Ospreys

Tús Cluiche: 2:30pm

Láithreoir: Máíre Treasa Ní Dhubhghaill
Tráchtaire: Gearóid Mac Donncha
Anailís: Eoghan Ó Neachtain, John Broderick & Marcus Horan

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith