Baile » Cláir » Sean-Nós

Sraith úrnua ina gcuireann Síle Denvir cuid de réalta reatha na hamhránaíochta sean-nóis faoi agallamh agus iad ag trácht ar a  suim féin sa traidisiún agus ar na daoine a chuaigh i bhfeidhm orthu.  Casfaidh siad corr stéibh freisin, ar ndóigh.

Tá aithne fhorleathan ar Shíle Denvir mar amhránaí agus mar chláirseoir  leis an ngrúpa bancheoltóirí  Liadan.  Is as Gaeltacht Chois Fharraige di agus tá suim aici sa sean-nós ó bhí sí ina cailín óg.  D’fhoghlaim sí an chláirseach ó Khathleen Loughnane agus tá céim ollscoile sa gceol aice.  Is minic í mar aoi-cheoltóir le bannaí agus le grúpaí eile freisin.

Share |

Déardaoin @ 20:00 | Dé Domhnaigh @ 23:30

12
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith