Baile » Cláir » Seó Spóirt » Baile

Beidh Dara Ó Cinnéide, fear a bhí ina chaptaen ar Chiarraí tráth ar  bhuaigh siad Craobh na hÉireann, ar ais ar Seó Spóirt Craobhchomórtas 2013 le súil a chaitheamh chun cinn ar Shéasúr Craobhchomórtais eile  den scoth.

I measc anailísthe an tséasúir seo beidh Darragh Ó Sé, John Allen, Ger Loughnane, Tomás Ó Flatharta, Kevin Cassidy, Paul Galvin, Donal  O’Grady, Charlie Vernon, Rory Kavanagh, David Henry agus go leor eile. Tá an séasúr nua spóirt faoi lán seoil agus aird an phobail anois ag díriú ar na Sraitheanna nua Náisiúnta Peile agus Iomána mar aon le Craobh Rugbaí na Sé Náisiún, Corn Heineken agus an tSraith rugbaí RaboDirect.

Beidh Gemma Ní Chionnaith ag taisteal ó cheann ceann na tíre arís i  mbliana lena tuairiscí seachtainiúla agus agallaimh le imreoirí aitheanta, bainisteoirí agus pearsain eile sa saol spóirt.

An tSeachtain Seo: Dé hAoine - 17.05.13

Bigí linn an tseachtain seo nuair a bheidh Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna, Mícheál Ó Muircheartaigh, David Henry agus Seán Bán Breathnach ag pléigh an chéad bhabhta do Chraobh Peile na hÉireann agus Cluiche Ceannais An Chorn Rugbaí Heineken.

Share |

Dé hAoine @ 20.30 | Athchraolta Dé Sathairn @ 11.45

123
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith