Baile » Sceideal

Dé Luain, Deireadh Fómhair 20, 2014
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Gnéchlár Fógraíochta
Gnéchlár Fógraíochta
06:30
 

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Cláir spleodracha, spraíúla ar Cúla 4 na nÓg.

Tuff Puppy
Tuff Puppy
07:01
(S1/CL13)
Tá Snaptrap ag iarraidh léasar TUFF a úsáid chun grán rósta uile an domhain a bhailiú.

Mr. Men (GS)
Mr. Men (GS)
07:30
(S1/CL23)
Ní bhíonn aon drogall ar mhuintir Dillydale dul ag damhsa.

Mr. Men (GS)
Mr. Men (GS)
07:40
(S1/CL24)
Cá mbeadh muintir Dillydale gan aireagáin?

Ag Spraoi le Claude
Ag Spraoi le Claude
07:50
 
Tugann Claude faoi deara go bhfuil neart bláthanna ar fud na háite.

Déan É - Ceardaíocht
Déan É - Ceardaíocht
08:00
(S2/CL8)
Sraith nua ina dtaispeánfaidh Gráinne Bleasdale agus a cuid aíonna dúinn le nithe éagsúla a dhéanamh agus chruthú. Ealaíon agus ceardaíocht a bheidh ar bun inniu agus taispeánfaidh Gráinne dúinn le Muicín taisce a dhéanamh.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:05
(S7/CL4)
Tá eitleog déanta ag Dora dá hathair do Lá na nAithreacha. Ach imíonn sé le gaoth agus bíonn Dora ag iarraidh é a fháil ar ais!

Q Pootle
Q Pootle
08:30
(S1/CL36)
Tá spáslong Q Pootle 5 briste agus beidh air ceann nua a fháil.

Igam Ogam
Igam Ogam
08:40
(S2/CL22)
Tá Daide Mór ag eagrú tóraíocht taisce do Igam Ogam.

Tickety Toc
Tickety Toc
09:00
(S1/CL36)
Tá sé in am dul ag an dochtúir agus tá Tommy agus Tallulah ag ligean orthu féin gur dochtúirí iad. Siúlann siad an baile ar fad ar thóir othar.

Mouk
Mouk
09:10
(S1/CL36)
Tá ríomhaire Mouk agus Chavapa briste agus tá siad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le Popo agus Mita.

Olive the Ostrich
Olive the Ostrich
09:20
(S2/CL10)
Is carbadóir thar barr í Olive.

Fraggle Rock (GS)
Fraggle Rock (GS)
09:30
(S4/CL13)
Féachann Gobo le tomhais an Rock Ríme a réiteach.

Bonanza
Bonanza
10:00
(S13/CL13)
Tagann seanathair Jamie á iarraidh cé go raibh Ben len é a uchtú.

Little House on the Prairie
Little House on the Prairie
11:00
(S2/CL17)
Éiríonn Iníon Beadle as ina príomhoide ar an scoil de bharr nach bhfuil smacht ar bith ar na daltaí. Tagann Hannibal Applewood, atá thar a bheith géar, ina háit. Cuireann Bean Oleson ina luí air gurb í Laura an té a bhíonn ag cur an ranga trína chéile.

The Cook & The Chef
The Cook & The Chef
11:55
(S1/CL11)
Sraith Cócaireachta. Béile a thaitneoidh le leanaí a ullmhóidh Maggie agus Simon inniu - builín feola agus núdail uibheacha le sicín. Rachaidh Simon chuig feirm diúilicíní lena fháil amach an dtaitníonn diúilicíní le gasúir. Cuirfidh Maggie geall leis go dtaitneoidh a cuid diúilicíní leis na gasúir. Réiteoidh an bheirt acu toirtín plumaí ar deireadh.

Coastal Kitchen
Coastal Kitchen
12:25
(S1/CL3)
Sraith cócaireachta. Beidh béile le réiteach ag Chris do chriú bhád tarrthála i Wells. Réiteoidh sé ruacain as an áit dóibh de bhlas na Spáinne.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
12:55
 
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Little House on the Prairie
Little House on the Prairie
13:00
(S2/CL18)
Téann Charles agus an tUasal Edwards ag obair in áit a mbeidh orthu dinimít a láimhseáil. Tá fear dubh ag obair in éineacht leo freisin ach níl aon tóir ag a pháirtí air. Bíonn ar Charles agus ar an Uasal Edward oibriú go crua ar an jab seo.

An Jig Gig (OS)
An Jig Gig (OS)
14:00
(S6/CL4)
Táimid fós sa tóir ar Sheaimpín an Jig Gig 2014! Glacfar le gach cineál damhsa gaelach sa chomórtas ón steip go dtí damhsa na scuaibe, damhsa ar an sean-nós agus damhsa seit. Ach ní bheidh ann ach aon seaimpín amháin agus ní bhronnfar an chraobh An Damhsóir Gaelach is Fearr 2014 TG4 ach ar aon iomaitheoir amháin. Ag coinneáil súil ghéar ar na hiomaitheoirí ar fad beidh an triúr moltóirí: Breandán de Gallaí, Dearbhla Lennon, agus Labhrás Sonaí Choilm Learaí.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Cláir spleodracha, spraíúla ar Cúla 4 na nÓg.

Scéal an Lae
Scéal an Lae
15:01
(S2/CL8)
Scéalta do pháistí á léamh ag aisteoirí, scríbhneoirí agus foilsitheoirí.

Q Pootle
Q Pootle
15:05
(S1/CL13)
Bíonn Q Pootle 5 agus Oopsy ag tabhairt aire do Ray fad is a bhíonn Stella ag bailiú púscáin dá cuid plandaí. Ach mo léan ní bhíonn Ray sásta leis na cluichí a bhíonn Pootle ná Oopsy a spraoi.

Igam Ogam
Igam Ogam
15:15
(S1/CL13)
Beidh Igam Ogam ag imirt cleas ar dhaoine.

Bia Linn (TS)
Bia Linn (TS)
15:30
(S1/CL9)
Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Beidh oideas speisialta ag Cócó inniu - pócaí piota!

Peg & Cat
Peg & Cat
15:45
(S1/CL13)
Tá Cat thuas sa chrann agus beidh ar Pheg cúnamh a thabhairt dó teacht anuas as.

Cúla 4
Cúla 4
16:00
(S18/CL21)
Bí linn gach lá ag a 4pm ar Chúla 4 áit a mbeidh neart clár nua againn daoibh - ina measc Tuff Puppy, Spongebob, The Amazing World of Gumball, Wendy, Sabrina agus Dennis & Gnasher, Zoo Jnr, Officially Amazing agus na pearsana eile ar fad is fearr libh. Tá leagan amach nua ar Chúla 4 an Fhómhair. Bígí i dteannta an láithreora nua, Micheál Ó Ciaraidh gach lá ó Luan go hAoine. Beidh an nuacht is déanaí aige daoibh ar na cluichí nua a bheidh ar an margadh agus neart eile lena chois.

Tuff Puppy
Tuff Puppy
16:01
(S2/CL13)
Téann gníomhairí Tuff ar thuras sa dúlra. Féachann Snaptrap agus a chuid cairde len iad a robáil.

Wendy
Wendy
16:30
(S1/CL9)
Tugann Christian cúnamh do Wendy lena cuid mata ach cuirtear ina leith ina dhiaidh sin go raibh sí ag bradaíl.

The Amazing World of Gumball
The Amazing World of Gumball
16:55
(S2/CL13)
Cloiseann Risteárd Gumball agus Darwin ag magadh faoi agus gortaíonn sé go mór é.

Aifric (OS)
Aifric (OS)
17:25
 
Tá deacrachtaí airgid ag Marie, máthair Sophie, ó tharla í ag iarraidh a gnó a chur chun cinn. Socraíonn Aifric cúnamh a thabhairt di. Bíonn an feachtas margaíochta ag dul go hiontach go dtí go n-éiríonn Marie tinn.

Xtreme (OS)
Xtreme (OS)
17:55
(S1/CL9)
Rachaidh 12 de na surfálaithe óga is fearr as an mBrasaíl san iomaíocht ar chuid de na tonnta is iontaí i Meiriceá Theas. Cuirfidh duine de na clársciálaithe sneachta is fearr san Eoraip taispeántas iontach ar siúl dúinn. Rachaidh an réalta mór scátála as California, Ryan Sheckler, siar ar bhóithrín na smaointe agus inseoidh sé dúinn faoi mar a thosaigh sé amach ag scátáil agus an fáth nach stadfaidh sé de go deo.

Is Maith liom Pop 2000 - 2012 (OS)
Is Maith liom Pop 2000 - 2012 (OS)
18:25
(S1/CL5)
Caithfidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill súil siar ar an gceol is mó a raibh tóir air idir 2000-2012. An bhliain 2004 a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S18/CL293)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:26
(S17/CL162)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Cogar (OS & TS)
Cogar (OS & TS)
19:30
(S16/CL5)
Scéal fir a thuill iomrá dó féin ar fud an domhain agus a chabhraigh go mór le leathadh na hiomrascála mar spórt gairmiúil i Meiriceá 90 bliain ó shin. Fear siamsaíochta, lúthchleasaí agus ceannródaí ab ea Danno O'Mahoney, a thug misneach agus ardú croí do Ghaeil sa mbaile agus i gcéin agus é i mbarr a mhaitheasa. Ba i mBéal an Dá Chab in iarthar Chorcaí a rugadh é i 1912. Bhuaigh sé craobh an domhain i 1935 agus bhí gean ar leith air ag Gaeil Mheiriceánaigh agus ag muintir a thír dhúchais freisin, dar ndóigh. Bhásaigh sé de thoradh an ghortaithe a bhain dó i dtimpiste bhóthair i 1950.

Róisín (OS)
Róisín (OS)
20:00
(S3/CL5)
Clár seachtainiúil comhrá agus eolais á chur i láthair ag an gcraoltóir/iriseoir, Róisín O'Hara. Sraith ina mbeidh neart comhrá, tuairiscí tairbheacha agus díospóireachta le haird a tharraingt ar na deacrachtaí agus ar nithe a bhíonn le sárú ag daoine sa lá atá inniu ann.

GAA 2014
GAA 2014
20:30
(S14/CL35)
Súil siar ar na cluichí CLG a imríodh ar an deireadh seachtaine ina measc roinnt de na Cluichí Ceannais Contae sa Pheil agus san Iomáint.

Rugbaí - Craobh na hEorpa
Rugbaí - Craobh na hEorpa
21:00
(S1/CL2)
Buaicphointí ón gcluiche Laighin v Wasps sa chomórtas ERCC a imríodh Dé Domhnaigh seo caite.

Scannán: Blue Chips
Scannán: Blue Chips
21:30
 
(1994, Dráma) Nick Nolte agus Mary McDonnell na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir William Friedkin. Caithfidh traenálaí cispheile na rialacha a bhriseadh leis na himreoirí is fearr a choinneáil sa chluiche.

Ó Tholg go Tolg (OS & TS)
Ó Tholg go Tolg (OS & TS)
23:25
(S3/CL1)
Sraith clár faoi bheirt bhan a théann ag taisteal ar fud chósta na Bailtise agus Thuaisceart na hEorpa ach nach n-íocann pingin lóistín. San Ísiltír a bheidh Ciara Ní Broín agus Bláthín de Burca. Fanfaidh siad in éineacht leis an ealaíontóir Louise Cohen agus a bhean i Leeuwarden. Rachaidh siad as sin go Hamburg sa Ghearmáin áit a bhfanfaidh siad in éineacht le Patrick a deir go bhfuil 'The Lion Sleeps Tonight' ar eolas aige i ngach teanga, ach Gaeilge!

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:55
(S18/CL293)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Bridge (OS)
The Bridge (OS)
00:00
(S1/CL1)
Sraith coiriúlachta as an gCríoch Lochlannach. Tagtar ar chorp mná ar dhroichead Øresund, atá díreach ar an teorainn idir an tSualainn agus an Danmhairg. Cuirtear fios ar Saga Norén as CID Malmö agus ar Martin Rohde as stáisiún póilíní Chóbanhávan. Ceaptar ar dtús gur duine amháin atá maraithe ach tuigtear ansin go bhfuil beirt i gceist. Déanadh dhá leath de na coirp agus cuireadh le chéile arís iad - tá cabhail polaiteora mór le rá as an tSualainn i bhfostú anois den chuid íochtair de chorp striapaí as an Danmhairg.

Gossip Girl
Gossip Girl
01:10
(S6/CL8)
Nua: Tá cóisir le bheith ag Serena agus Dan chun ceiliúradh a dhéanamh ar a gcéad altú buíochais in éineacht. Tugann siad cuireadh dá gcairde móra ar fad, ach bíonn a gcuid fáthanna féin acu freastal ar an gcóisir. Níl Chuck ag déileáil rómhaith leis an méid a rinne a athair air.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
02:00
(S18/CL293)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

France 24
France 24
02:05
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Deireadh Fómhair 20, 2014
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith