Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Aibreán 23, 2014
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Gnéchlár Fógraíochta
Gnéchlár Fógraíochta
06:30
 

Fanboy & Chum Chum
Fanboy & Chum Chum
07:00
(S1/CL16)
Tagann an slaghdán ar Fanboy agus ar Chum Chum. Ní hamháin go bhfuil siad tinn ach tá siad tinn tuirseach dá chéile chomh maith! Ceannaíonn Fanboy agus Chum Chum bolgán plaisteach Boog agus bíonn an-spraoi acu leis.

Flea Bitten
Flea Bitten
07:25
(S1/CL3)
Téann Toch agus Scríbín chuig an zú chun teacht ar bhia saor in aisce.

Flea Bitten
Flea Bitten
07:35
(S1/CL4)
Faigheann Scríbín post i ngan fhios dó féin mar éachtmhadra i scannán nua Uberhund.

Toto i dTrioblóid
Toto i dTrioblóid
07:50
(S1/CL35)
Tá Toto ag iarraidh dul isteach i dteach a bhfuil taibhsí ann ach meas tú an smaoineamh maith é sin?

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Cláir spleodracha, spraíúla ar Cúla4.

Mouk
Mouk
08:05
(S1/CL50)
I Veinséala atá Mouk agus Chavapa. Cuireann siad ceolchoirm ar bun agus iad ag seinnt maracas.

Mouk
Mouk
08:15
(S1/CL51)
Tugann Mouk agus Chavapa cuairt ar a gcairde Aki agus Aku sa bPol Thuaidh.

Dinosaur Train (GS)
Dinosaur Train (GS)
08:30
(S1/CL7)
Tugann muintir Pteranodon cuairt ar an Linn Mhór chun a fháil amach an féidir le dineasáir maireachtáil san uisce.

Zou
Zou
08:45
(S1/CL50)
Teastaíonn ó Zou castáil le Coinín na Cásca inniu ach an éireoidh leis féin agus a chairde é a fheiceáil?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
09:00
(S1/CL4)
Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
09:05
(S1/CL5)
Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin. Ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh ré bíonn ar Olly plean eile a cheapadh.

Igam Ogam
Igam Ogam
09:15
(S1/CL6)
Ní bhíonn Igam Ogam sách cúramach agus briseann sí gach a bhfuil timpeall uirthi.

Fraggle Rock (GS)
Fraggle Rock (GS)
09:30
(S2/CL1)
Ceapann Wembley nach bhfuil brí ar bith lena shaol. Nuair a bhíonn Junior ag spochadh ar éin amuigh sa ghairdín titeann ubh amach as an nead agus isteach i lochán na Fraggle. Glacann Wembley leis an gcúram aire a thabhairt don ubh agus téann ar gor uirthi.

Bonanza
Bonanza
10:00
(S8/CL20)
Faigheann an saol an ceann is fearr ar chara Ben Cartwright, an Sirriam Paul Rowan, agus tugann sé aghaidh an ghunna ar mhuintir an bhaile.

Blaisiní Beatha (OS)
Blaisiní Beatha (OS)
11:00
(S2/CL3)
Tá Aoileann Garavaglia ar ais sa chistin. Ar chlár an lae inniu réiteoidh Aoileann bia blasta i dteannta Chaoimhe Ní Chonchoille agus Niall Mac Eamharcaigh.

Bonanza
Bonanza
11:30
(S8/CL21)
Nuair a thugann Joe cuairt ar lánúin in Arizona, faigheann sé amach go bhfuil a chara ina bhall de bhuíon.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
12:25
(S18/CL67)
Tá amhras ar Lee faoi Jason agus é fós ag iarraidh pleananna na bainise a choinneáil faoi rún. Níl sé inste fós aige di ach oiread go bhfuil sé tinn. Tá Lee ag ceapadh anois go bhfuil sé ag dul i mbradaíl uirthi. An n-inseoidh Jason an fhírinne di? Bíonn David agus muintir na háite in éadan Alanna faoi go bhfuil sí ar dualgas ag teach Mhichíl. An gcuirfidh sí amach as an teach é? Tá Máire go mór ag iarraidh a post san ionad sláinte a choinneáil ach tá Cathal ag cur agallaimh ar dhaoine eile don phost.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
12:55
 
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Little House on the Prairie
Little House on the Prairie
13:00
(S4/CL16)
Insíonn Caroline do na gasúir conas mar a casadh í féin agus Charles ar chéile fad is atá siad ag fanacht go dtiocfaidh Charles abhaile. Miníonn sí dóibh go mbíonn údar maith i gcónaí ag Charles iad a choinneáil ag fanacht leis.

Irish Paint Magic
Irish Paint Magic
14:00
(S16/CL3)
Caisleán Bhaile Átha Troim, an caisleán a bhí go mór i scannán 'Braveheart' is ábhar do phictiúr an lae inniu.

IRB Sevens Rugby
IRB Sevens Rugby
14:30
(S2/CL4)
Buaicphointí an ceathrú babhta de Shraith IRB an Domhain Seachtar an Taobh as Las Vegas. Beidh rugbaí seachtar an taobh ar cheann de na Cluichí Oilimpeacha in 2016. Faoi láthair bíonn naoi gcomórtas ar siúl in ocht dtír ar shé mhórthír. Tionólfaidh an Astráil, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, An Afraic Theas, An Nua Shéalainn, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Hong Cong, An tSeapáin, Albain agus Sasana imeacht amháin an tír.

Pocoyo
Pocoyo
15:00
(S1/CL95)
Tá ealaín den scoth ar taispeáint sa taispeántas ealaíne, ach an é Pato a rinne iad i ndáiríre?

Pajanimals
Pajanimals
15:10
(S1/CL6)
Breithlá Mhama atá ann ach níl Apollo sásta leis an mbronntanas atá faighte aige di.

Tickety Toc
Tickety Toc
15:25
(S1/CL34)
Tá gach duine ag tarraingt pictiúr le cur ar taispeáint ach tá Tommy agus Tallulah ag iarraidh gur acu féin a bheidh an pictiúr is fearr.

Raa Raa an Leon Glórach
Raa Raa an Leon Glórach
15:40
(S1/CL14)
Tá Raa Raa ag iarraidh an fhuaim is fearr leis a aimsiú.

Béar Mór agus Gíog
Béar Mór agus Gíog
15:50
(S1/CL39)
Féachann Béar Mór agus Gíog ar an asal i Leabhar Iontach na nAinmhithe.

Béar Mór agus Gíog
Béar Mór agus Gíog
15:55
(S1/CL40)
Féachann Béar Mór agus Gíog ar an mbó i Leabhar Iontach na nAinmhithe.

Scéal an Lae
Scéal an Lae
16:00
(S3/CL1)
Scéalta do leanaí á léamh ag aisteoirí, scríbhneoirí agus ag foilsitheoirí.

Réiltín Laura
Réiltín Laura
16:10
(S3/CL9)
Tá daitheacha fiacaile ar Laura ach ní maith léi dul chuig an bhfiaclóir.

Little Spirou
Little Spirou
16:20
(S1/CL71)
Athraíonn rudaí go mór sa rang aclaíochta.

Rekkit Rabbit
Rekkit Rabbit
16:30
(S1/CL9)
Tá slaghdán ar Rekkit agus nuair a dhéanann Jay iarracht cóir leighis a chur air déanann hamstair aisteacha ionsaí ar an teach!

Rekkit Rabbit
Rekkit Rabbit
16:40
(S1/CL10)
Tar éis do Jay agus Rekkit troscán Mham a scriosadh, téann siad go Chakabrak chun cóir seomra suite a cheannach ach i ngan fhios dóibh tá coiriúlacht agus brúidiúlacht ag baint leis an troscán úd!

Ádh Mór Fred
Ádh Mór Fred
16:55
(S1/CL48)
Tá suim ag an buachaill nua ar scoil i Corky, rud a chuireann iontas ar gach duine!

Ádh Mór Fred
Ádh Mór Fred
17:05
(S1/CL49)
Cruthaíonn athair Fred deoch nua atá in ainm is tú a dhéanamh níos láidre ach imíonn rudaí as smacht air.

Redakai
Redakai
17:20
(S1/CL11)
Glacann foireann Stacs páirt sa gcraobhchomórtas don chéad uair. Éiríonn le Ky an ceann is fearr a fháil ach ansin caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar ionsaí nua.

Bog Stop (TS)
Bog Stop (TS)
17:45
(S7/CL47)
Tráth na gceist ina dtabharfaidh scoileanna aghaidh ar a chéile ar 30 scáileán plasma ar a dtugtar an Zón. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Emma Ní Mhaoileoin as Gaelscoil Iarfhlatha, Jack Luke Ó Cionnaith as Gaelscoil Chnoc na Ré agus Seosamh Ó Briain as Gaelscoil an Mhuillinn iomaitheoirí an lae inniu.

Groove High (GS)
Groove High (GS)
18:10
(S1/CL10)
Tá comórtas le bheith ag Tom agus ag Duke le go socróidh siad cé acu a rachaidh amach le Zoe.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
18:40
(S8/CL9)
Tá seift nua ag Planctón oideas rúnda an Krabby-Bhurgair a ghoid.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S18/CL113)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:26
(S17/CL76)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Na Farraigí Fairsinge (OS)
Na Farraigí Fairsinge (OS)
19:30
(S1/CL13)
An Mhuir Rua idir an Afraic agus an Áise a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht. Muir ina bhfuil an t-uisce chomh glan leis an gcriostal agus atá lán le hainmhithe mara agus plandaí.

Ó Cuisine (OS)
Ó Cuisine (OS)
20:30
(S2/CL23)
Fillfidh Brian Danny Minnie as Anagaire ar an gcistin an tseachtain seo. Réiteoidh sé Sailéad le Cáis Gabhair, Bráthair agus Cloicheáin ar chipíní agus Anraith de Bhainne Cnó Cócó agus Thorthaí an tSamhraidh.

Ar Bhóithrín na Smaointe (OS)
Ar Bhóithrín na Smaointe (OS)
21:00
(S1/CL6)
Sraith clár ina dtabharfaidh Pádraic Ó Neachtain aistear siar ar Bhóithrín na Smaointe, as Gaillimh go Baile Átha Cliath. Tá an N6 athraithe go mór le 20 bliain anuas. Anois in áit bailte a fheiceáil ní fheiceann muid tada ach seachbhóithre. An tseachtain seo beidh Pádraic i gCill Choca - baile a bhain cáil amach de bharr an amhráin 'The Old Bog Road', monarchan milseán, agus an freagra clúiteach sin ar an 'Just a minute quiz'. Tugann sé cuairt ar an mbialann cháiliúil i Maigh Bhealaigh, Mother Hubbard's don bhricfeasta.

Cluain Tarbh (OS)
Cluain Tarbh (OS)
21:30
(S1/CL2)
Sraith dhá chlár ina ndéanfar iniúchadh ar Bhrian Bóramha agus ar Chath Chluain Tairbh. San eagrán seo féachfar ar na comhghuaillíochtaí a bhunaigh Brian Bóramha le fanacht i mbarr réime. Fiosrófar freisin an í a iar-bhean chéile Gormlaith ba bhun is ba bharr le Cath Chluain Tarbh Aoine an Chéasta 1014.

Siansa (OS)
Siansa (OS)
22:30
 
Buaicphointí Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta an 6 Aibreán 2014. Tugann Siansa ardán don chuid is fearr de cheoltóirí agus d'amhránaithe traidisiúnta na tíre. Casfaimid leis an ocht ngrúpa a bhí páirteach, mar aon leis na moltóirí agus an lucht tacaíochta. Sibéal Eleana Davitt a chuirfidh an clár i láthair.

Motorsport Ireland
Motorsport Ireland
23:30
(S3/CL8)
Clár seachtainiúil buaicphointí railí do lucht leanta an spóirt sa tír seo. Beidh aicsean againn as an dara babhta de Chraobhchomórtas Railí Náisiúnta Dunlop - Railí Chiarraí arna reáchtáil ag Club Mótair Chiarraí.

Justified
Justified
00:00
(S2/CL10)
Féachann Raylan le cúnamh a thabhairt do Winona. Níl Mags Bennett ag dul ag bacadh lena mac Dickie a thuilleadh agus mar sin caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar Boyd Crowder ina aonar.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:50
(S18/CL113)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Seacht (OS)
Seacht (OS)
00:55
(S3/CL6)
Bíonn Joanne ar bís cabhrú le Linda an ceann is fearr a fháil ar Steve agus cuireann sí plean i dtoll a chéile a léireoidh an sórt duine é féin. Tá Eithne ag iarraidh an saol a chur ina cheart anois go bhfuil sí caite amach as an teach ag Pete.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
01:25
(S18/CL113)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

France 24
France 24
01:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Aibreán 23, 2014

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith