Is gearr uainn deireadh an tsamhraidh agus b’fhéidir go bhfuil drogall ort dul ar ais ag an scoil ach tá muide ag tabhairt cuireadh duit breathnú, éisteacht agus nascadh le carachtair ildaite Cúla4 a bheidh i sceideal nua an Fhómhair. Chomh maith leis na sraitheanna móra, cuirfear fáilte mhór freisin roimh charachtair nua chuig Cúla4 atá ag cur thar maoil mar atá le cartúin den scoth! Chomh maith leis sin beidh idir óg agus sean in ann spraoi a bhaint as cluichí nua Cúla4; “Traein na nDineasár” agus “Spraoi le Claude”. Tá muid le feiceáil ar an teilifís nó ar cúla4.com am ar bith is maith leat. Coinneoidh Cúla4 comhluadar leat i gcaitheamh na bliana

GLAC PÁIRT

Cabhraigh le Claude aghaidh a thabhairt ar bhaile gnóthach grianmhar Bearhamptom, áit a dtiteann go leor eachtraí iontacha amach.

BÍ AG SPRAOI

Caitheann Buddy agus a chairde go leor ama ar Thraein na nDineasár ag taisteal agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe chomh maith le bualadh le hainmhithe réamhstairiúla. Cabhraigh le Buddy na loirg coise rúnda a dhéanamh amach! Ná déan dearmad go bhfuil cluichí nua le Buddy ar fáil ar láithreán Cúla4.

CLÁIR NUA

Cas le Pocoyo! Naíonán óg a bhíonn gléasta in éadach gorm agus a théann ar eachtraí tairbheacha spraíúla in éineacht le Elly, an eilifint bhándearg, Pato an lacha bhuí, Loula an madra, Sleep Bird agus go leor eile. Le feiceáil ó mhí Mheán Fómhair amach; ó Luan go Aoine @ 9.40

BAIN TRIAL AS!

An bhfuil tú in ann don dúshlán? Bain triail as puzail Cúla4!

CÚLA4 BEO ar an Idirlíon: Is féidir cuid de chláir CÚLA4 a fheiceáil aon uair ag www.tg4.tv.
Bain sult astu!

Déanaimid ár ndícheall rogha clár spleodrach spraíúil a roghnú don lucht féachana óg. Níl feidhm beacht oideachais leis na cláir ach tá súil againn go gcuidíonn siad le suim a mhúscailt sa Ghaeilge agus le tairbhe a bhaint aisti. Failtímid i gcónaí roimh bhur gcuid tuairimí.

Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC; 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable);
51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith