Tá an samhradh buailte linn ar deireadh! Is gearr go mbeimid in ann dul chuig an trá, picnic a bheith againn lenár gcairde, dul ag campáil faoin tuath agus dul ar eachtraí nua. Bí cinnte Cúla4 a bhreith leat agus tú i mbun do chuid siamsaíochta an mhí seo! Íoslódáil na cluichí, bain súp as na hAipeanna agus fiú má bhíonn an aimsir go dona, beidh carachtair Cúla4 anseo le gliondar a chur ar do chroí!

BOSCA AR BITH!

Is sraith spraíúil é Bosca ar Bith atá curtha i láthair ag Muireann Ní Chíobháín agus a dhíríonn isteach ar bhréagáin a dhéanamh as sean-bhoscaí agus cairtchláir, le cúnamh ó Mhamó ár ndóigh! Le feiceáil gach Aoine ag 9.45

BÍ AG SPRAOÍ!

An bhfuil dúshlán uait? Bain triail as cluichí Cúla4! Bí amuigh faoin aer le do chuid cairde agus déan cur síos ar na héin a fheiceann tú.

ANGELO RULES!

Buachaill dhá bhliain déag d’aois a fhaigheann bealach cliste timpeall ar na rialacha – gan iad a bhriseadh! Le cabhair óna chuid cairde, Sherwood agus Lola, níl tada nach féidir leis a shárú. Le feiceáil Luan-Aoine ag 15.15

DUAIS BUAITE AG CÚLA CAINT

Tá muid thar a bheith ríméadach gur bhuaigh CÚLACAINT an dhuais mhór don Aip is fearr ag Féile na Meán Ceilteach i Swansea le gairid. Chun é a íoslódáil, téigh chuig iTunes, agus cuardaigh 'Cúla4' nó 'TG4'. Tá sé saor in aisce !

CÚLA4 BEO ar an Idirlíon: Is féidir cuid de chláir CÚLA4 a fheiceáil aon uair ag www.tg4.tv.
Bain sult astu!

Déanaimid ár ndícheall rogha clár spleodrach spraíúil a roghnú don lucht féachana óg. Níl feidhm beacht oideachais leis na cláir ach tá súil againn go gcuidíonn siad le suim a mhúscailt sa Ghaeilge agus le tairbhe a bhaint aisti. Failtímid i gcónaí roimh bhur gcuid tuairimí.

Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC; 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable);
51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith