Tá Abdel-baset al-Megrahi, an t-aon duine a ciontaíodh maidir le buamáil Lockerbie sa mbliain 1988 tar éis bháis i bpríomhchathair na Libia. Maraíodh 270 duine i mbuamáil Lockerbie in Albain cheithre bliain is fiche ó shin. Trí scór bliain d'aois a bhí sé.
Básaigh cúigear agus gortaíodh thart ar leath chéad duine eile mar thoradh ar chrith talún a bhuail tuaisceart na hIodáile maidin inniu. Tá Modena, Bologna agus Verona ar na háiteachaí is measa a buaileadh.
Ba í 'Lauren O'Neill', an déagóir a dúnmharaíodh i mBaile Eachaidh i gco Dhoire inné. Tá droch-bhail san ospidéal fós ar Dheirfiúir leí, a caitheadh san eachtra chéanna. Tá fear atá sé bliain is fiche d'aois fós a cheistiú ag na póiliní.
Gaillimh i bhfad ró-mhaith do Ros Comáin i gCraobh Peile Chonnacht, An Cabhán cloíte ag Dún na nGall ó thuaidh, agus an bua ar éigean ag An Lú agus ag An Longfort i gCraobh peile Laighean.
Graeme McDowel cloíte ag Nicolas Colsaerts na Beilge i mbabhta ceannais, Chraobh galf poll an domhain sa Spáinn
Katie Taylor sa mbaile in Éireann tar éis di a ceathrú craobh domhanda as a chéile a ghruachaint sa tSín
Chelsea agus Cúige Laighean ina seaimpíní Sacair agus Rugbaí na hEorpa
TUILLEADH EOLAIS
Cló Iar-Chonnacht
€10.00
€14.95
€25.00
€20.00
€12.00
€21.99
€15.00
An Spailpín Fánach
€14.00
€32.00
€39.00