Baile » Cláir » An Jig Gig » Baile

An Jig Gig - Sraith 5

Chuir na mílte iarratais isteach le 4 bliain anuas ag déanamh iarrachta dul ar thóir teidil don Ghrúpa Rinceoirí Traidisiúnta Éireannach TG4 is fearr.Bhí gach saghas cruth agus tomhais sna grúpaí seo, ó rinceoirí aonaracha go grúpaí móra agus is é an chéad chomórtas dá leithéid ina bhfuil rinceoirí de gach aois, stíle agus eagraíochtaí san iomaíocht ar an stáitse céanna.

Anois tá sé in am an Seaimpín nua 2013 a aimsiú!!

Is féidir le gach saghas stíle do rinceoirí cur isteach ar an gcomórtas, ó rince céime, rince scuaibe, rince ar an sean-nós go rince seite.  Is comórtas uile fháilteach atá i gceist leis seo agus ceiliúradh á dhéanamh ar rincí gaelacha traidisiúnta.

Ach faraor ní féidir ach buaiteoir amháin a bheith ann agus teideal Grúpa Rinceoirí Traidisiúnta na hÉireann TG4 2013 a bhuachan.

Is saineolaithe na triúr moltóir i réimse rincí gaelacha ach n’fheadar an aontóidh siad lena chéile maidir leis an éagsúlacht stíleanna agus na cur chuigí éagsúla? Is cinnte go mbeidh teannas ann ar An Jig Gig . 

Tá fáilte roimh dhamhsóirí stíl ar bith do rincí gaelacha cur isteach ar an gclár.  Ina theannta sin níl aon teorainn maidir le haois.  Níl teorainn le líon na ndaoine atá in aon ghrúpa agus is féidir go mbeadh duine amháin i gceist..

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas , líon isteach an fhoirm iarratais nó cuir glaoch ar 01-2843877.

--- FOIRM IARRATAIS - AN JIG GIG - CLICEÁIL ANSEO ---

Déanfar teagmháil le gach iarrthóir chun am agus áit a chinntiú maidir le cur i láthair a dhéanamh.  
Tionólfar na héisteachtaí ar fud na tíre.

Seo mar a oibríonn sé:
Tar éis na éisteachtaí ar fad, roghnófar tuairim is 90 grúpa chun páirt a ghlacadh sa tsraith.  Beidh na grúpaí seo le feiscint sa chéad réimse den chlár.

Tá 10 clár i gceist sa chéad mhír . Déanfar cláir an chéad bhabhta a thaifeadadh i mí na Bealtaine. 
(Tabhair ar aird, le do thoil, nach mbeidh ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a bheith i láthair ach ar aon lá taifeadta amháin, chun an clár “Chéad Bhabhta” ina mbeidh said a thaifeadadh.)

Roghnófar buaiteoir amhain ó gach ceann de na cláir sa “Chéad Mhír”.  Beidh 3 clár breise ann ionas go mbeifear ábalta buaiteoir deifinídeach amhain a aimsiú. Déanfar na 3 clár breise sin a thaifeadadh i mí Meitheamh. Déanfar scannánaíocht ar an tsraith i Stiúideo RTÉ, Baile Átha Cliath.

Share |

123
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith