Baile » Cláir » Cúla4 » Cúla Caint

APP Cúla4 ar fáil anois

Tá 4 App spraíúil Gaeilge do pháistí ar fáil anois le íoslódáil.  Is féidir iad a íoslódáil ó iTunes, ach cuardach a dhéanamh faoi 'Cúla4' nó 'TG4'.

APP CÚLACAINT 1     download

Tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar an App nua seo a chuimsíonn raon leathan ábhar - an Aimsir, Ainmhithe, Gluaisteáin agus Baill Coirp. Tá na focail ar taispeáint ann agus iad le cloisteáil freisin. Tá fáil ann freisin ar leathanach le dathú chun do phictiúr féin a chruthú nó led fhocal féin a scríobh.

APP CÚLACAINT 2     download

Tagann App CúlaCaint 2 sa mbreis ar an gcéad App a sheol Cúla4 ag Oireachtas 2011.   Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo.   Tá focail ann a bhaineann leis an Aibítir, Uimhreacha, Dathanna, Bia agus Éadach Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin. 

APP Olly an Veain Bheag Bhán     download

Craoltar Olly an Veain Bheag Bhán ar Cúla4 ar TG4.  San App nua spraíúil seo, is féidir leat cuidiú le Olly a chuid cairde a dheisiú agus beartáin thábhachtacha á tabhairt amach acu.

APP Ag Spraoi le Claude     download

Craoltar Ag Spraoi le Claude ar Cúla4 ar TG4.  San App nua spraíúil seo, is féidir leat cluiche péinteála, tomhas fuaimeanna, cluiche péirí agus cluiche cuardach a imirt.

Tá súil againn go mbainfidh tú sult astu!

Chun é a íoslódáil, téigh chuig iTunes, agus cuardaigh 'Cúla4' nó 'TG4'. Tá an APP Culacaint agus Olly  saor in aisce agus iad  oiriúnach do iPhone agus do iPad.

Tá leagan Android do Cúlacaint 1 & Cúlacaint 2 ar fáil freisin. Téigh chuig https://play.google.com/store agus cuardaigh faoi TG4 nó Gaeilge nó Cúla4. Saor in aisce le íosloadáil.

Share |

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith