SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

SCEIDEAL - DÉ DOMHNAIGH, 15.11.2009

 
DÉ DOMHNAIGH  •  DÉ LUAIN  •  DÉ MÁIRT  •  DÉ CÉADAOIN  •  DÉARDAOIN  •  DÉ hAOINE  •  DÉ SATHAIRN
06:00   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
07:00   Cúla 4 na nÓg
Cláir den scoth ar Cúla4 na nÓg.
07:01   Noonbory & a Chairde
07:25   Tar ag Spraoi Sesame
07:50   Loopdidoo
Tagann Gonzag ar cuairt agus casann sé cúpla amhrán!
08:00   Dive Olly Dive
1. Bíonn Scior ag iarraidh a bheith ina laoch. Cumann sé scéalta ach sa deireadh is laoch é! 2. Faigheann Ollie amach go raibh clú agus cáil ar Ruagaire de bharr a chuid cleasanna.
08:25   Franny’s Feet
Cuidíonn Franny le Hardeep agus le Simran maireachtáil as gob a chéile.
08:40   Ni-Hao-Kai-Lan
09:05   Go Diego Go
09:30   Cedric
An fear feasa.
09:45   Mr. Men
Cá mbeadh muintir Dillydale gan aireagáin?
10:10   Scannán - Bring It On Again
(2004) Is iad Anne Judson-Yager agus Bree Turner na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Damon Santostefano. Nuair a thugtar le fios do mhic léinn ollscoile nár éirigh leo áit a bhaint amach ar fhoireann tacaíochta peile na hollscoile, cuireann siad a ngrúpa féin le chéile chun páirt a ghlacadh i gcomórtais.
11:45   An Western - Destry Rides Again
Is fear é Tom Destry atá go mór i gcoinne gunnaí. Bíonn sé ina cheap magaidh nuair a shroicheann sé baile Bottleneck, baile atá faoi cheannas an choirpigh Kent. Déantar tuilleadh magaidh faoi nuair a fhostaítear é ina leas-shirriam ar an mbaile. Ní bhíonn meas ag aon duine air mar nach bhfuil gunna aige. Ach ní bhíonn sé i bhfad go dtosaíonn Tom ag taispeáint do mhuintir an bhaile cé chomh cumhachtach is atá sé. Nuair nach gcuireann Destry aon suim i Frenchy, cailín Kent, bíonn fearg uirthi agus socraíonn sí amadán a dhéanamh den leas-sirriam nua.
13:25   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
13:30   GAA Beo
Craoladh beo ar Chluiche Leathcheannais Iomána na Mumhan idir Baile Mhic Gonair agus An Chreatalach. Craoladh iarbheo ar Chluiche Ceannais Iomána na Gaillimhe idir Port Omna agus Baile Locha Riach. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers.
17:05   Timpeall na Tíre (OS)
Cuid de scéalta nuachta réigiúnacha na seachtaine seo ó Nuacht TG4.
17:35   Wanted Dead or Alive
Sa tsraith seo bíonn Josh Randall sa tóir ar choirpigh agus níl uaidh ach greim a fháil orthu beo nó marbh.
18:05   Wanted Dead or Alive
Sa tsraith seo bíonn Josh Randall sa tóir ar choirpigh agus níl uaidh ach greim a fháil orthu beo nó marbh.
18:42   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
18:45   Nuacht TG4
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
19:00   Comhrá: Meta Uí Mháille (OS)
Is í Meta Uí Mháille, as Rosmuc a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín anocht. Labhraíonn Meta faoi bhás a máthar nuair nach raibh sise ach ina cailín óg. Insíonn sí dúinn chomh maith faoin am ar bhásaigh a deirfiúr agus gan í ach 36 bliain d’aois. Insíonn sí dúinn faoin tionchar a bhí ag na heachtraí seo ar a saol.
19:30   Thar Sáile (OS)
An tseachtain seo beidh Ann Marie Ní Dhubhchóin i Stócólm na Sualainne. Buaileann Ann Marie le Madeline Thors, bean ón tSualainn a thosaigh ag foghlaim Gaeilge roinnt blianta ó shin. Téann siad ar thuras i mbád timpeall ar oileán Stócólm chomh fada le Archipelago na cathrach. Téann Ann Marie chomh fada le baile ollscoile Uppsala áit a gcasann sí le Patricia Ronan, Gearmánach atá i gceannas ar Roinn na Gaeilge na hOllscoile.
20:00   GAA @ 125 Bliain (OS)
Ag Fanacht agus ag Imeacht: Thug CLG dóchas do phobail a bhí bánaithe ag an imirce sna 40idí agus na 50idí. Orthu sin a bheidh páirteach sa chlár seo, beidh Liam Griffin, Brendan Fullam, Maurice Hayes agus Micheál Ó Muircheartaigh.
20:30   An Jig Gig (OS)
Beidh brú ar na damhsóirí ar chlár na hoíche anocht mar níl fágtha ach trí áit sna babhtaí ceathrú ceannais.
21:30   Cogar: Saol Faoi Thalamh (OS)
Seo clár faisnéise faoi na mianadóirí a d’oibrigh i mianach hAirgnigh i dtuaisceart Ros Comáin. Bhí na coinníollacha oibre ann thar a bheith go dona. Bhí sé ar an mianach ba mheasa in iarthar na hEorpa. Sa chlár seo cloisfidh muid scéal na mianadóirí agus an tionchar a bhí aige ar mhuintir Ros Comáin nuair a dhún sé sa bhliain 1990.
22:00   Cérbh É? (OS)
Darach Ó Catháin: Seo sraith nua sé chlár faoi cheol traidisiúnta na hÉireann. Beidh seisear de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre le feiceáil ar an gclár. Is faoin amhránaí Darach Ó Catháin atá ar shlí na fírinne clár na seachtaine seo. Taistealaíonn Iarla Ó Lionaird as baile dúchais Dharach i gConamara go Ráth Cairn i gCo. na Mí. Ansin tugann sé cuairt ar Leeds an áit a bhfuil Darach curtha. Ba laoch é Darach d’Iarla riamh agus cé nach raibh ach beagán aithne aige air bhí an-tionchar aige ar a chuid amhránaíochta féin.
22:30   Ollchlár Ros na Rún (OS)
Eachtraí lenar gcáirde ar fad i Ros na Rún.
23:30   Fíorscéal (OS)
Mermaid’s Tears: Tá farraigí á dtruailliú ar fud an domhain. Ceaptar go bhfuil thart ar 74,000 píosa plaisteach i ngach gciliméadar farraige agus dá bharr seo tá na mílte ainmhí ag fáil bháis chuile bhliain. Cén tionchar fadthéarmach a bheidh ag an truailliú seo agus céard is féidir a dhéanamh chun réiteach a fháil ar an bhfadhb seo?
00:30   Imeall (OS)
Caithfidh Imeall, clár ealaíon TG4, súil chun cinn ar chúrsaí ealaíon agus ar chúrsaí cultúir in Éirinn.
01:00   An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
01:05   Timpeall na Tíre (OS)
Cuid de scéalta nuachta réigiúnacha na seachtaine seo ó Nuacht TG4.
01:35   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
05:58   Deireadh Craolta / Closedown
(TS) English subtitles on teletext (OS) English subtitles on screen (GS) Irish subtitles on teletext
 

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER