

[ OIDEAS NA MÍOSA ]

Císte Líomóide: ls breá liom císte líomóide agus an blas citron a bíonn air. Ní thógann sé i bhfad agus tá sé deas eadrom don samhradh!
110g ime
110g siúcra
½ líomóid agus í grátáilte
2 ubh
150g plúr bán
1/2 spúnóg de phúdar bácála
1 tbsp bainne
Reoán
175g siúcra reoáin
2-3 spúnóg sú líomóide
Modh
1.Téigh an t-oigheann ag 180C. Líon an stán císte le páipéar gréiscdhíonach.
2. Measc an siúcra agus t-im le chéile go dtí go mbeidh dath geal orthu.
3. Cuir isteach an ubh agus measc isteach an plúr agus an púdar bácála de réir a chéile.
4. Cuir an bainne agus an líomóid ghrátáilte isteach ar deireadh agus measc ar feadh cúpla noiméad.
5. Cuir isteach sa stán bácála é, agus fág san oigheann ar feadh 30-35 noiméad.
6. Don reoán, cuir an siúcra reoáin i mias le sú líomóide, measc le chéile.
7. Nuair a bheidh an císte fuair, faigh forc and cuir poill bheaga timpeall an císte go léir, agus doirt an reoán anuas air.