SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 


TG4 sa tóir ar na damhsóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn

Creidtear go bhfuil an damhsa sa tír seo chomh sean le stair na hÉireann féin. Ó bhuail na Ceiltigh cos ar thalamh na hÉireann, breis is dhá mhíle bliain ó shin, ba mhinic iad i mbun damhsa freisin. Faoi mar a tharlaíonn le gach cineál ealaíne agus caitheamh aimsire, d'fhás stíleanna éagsúla agus mheath siad. D'fhorbair an traidisiún agus d'athraigh dá réir. Tá an damhsa traidisiúnta thar a bheith láidir sa lá atá inniu ann agus cáil ar fud an domhain air, a bhuíochas sin do dhíograis na múinteoirí agus do leithéidí Riverdance agus eile.

Anois, seo chugainn an Jig Gig ó TG4, sraith 13 clár ina bhféachfaimid le teacht ar an damhsóir aonair nó an troupe damhsóirí traidisiúnta is fearr sa tír. Comórtas oscailte é seo - níl aon teora aoise, stíle ná eile i gceist. Má tá damhsa traidisiúnta agat/agaibh, tig leat/libh a bheith páirteach.

Reachtáilfear éisteachtaí ar fud na tíre agus gheobhaidh gach duine a dheis a chumas a léiriú - má roghnaítear don chlár teilifíse tú, beidh tú san iomaíocht le gach stil agus aoisghrúpa eile.

Beidh 10 gclár teilifíse sa chéad bhabhta agus roghnóidh an painéal moltóirí s'againne cé a bheidh sna babhtaí ceannais. Sna cláracha ceannais, beidh na buaiteoirí éagsúla in iomaíocht dhíreach le chéile go dtí roghnófar buaiteoir na sraithe.

Is í Róisín Ní Thomáin, a chuirfidh an clár i láthair agus is iad seo leanas na moltóirí:

Breandán de Gallaí, príomhdhamhsóir le Riverdance ar feadh i bhfad agus Stiúrthóir Damhsa leis an seó iontach sin anois. Tá taithí na mblianta ag Breandán ag obair le réalta an damhsa agus aithníonn sé an scoth nuair a fheiceann sé é.

Dearbhla Lennon príomhdhamhsóir le Riverdance, duine de réalta an damhsa sa tír seo le blianta anuas, saineolaí a thuigeann an ealaín.

Labhrás Sonaí Choilm Learraí, fear a bhfuil craobhacha damhsa ar an sean-nós buaite aige agus duine atá thar a bheith dílis don sean stil. Ní chuirfidh Labhrás fiacail ina bhreithiúnas.

 
 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER