News | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Irish News

  • An Taoiseach Leo Varadkar
    17 JULY 2018 : 16:59

    Imní ar pholaiteoirí anseo faoin socrú cúltaca

    Tá imní ar pholaiteoirí na tíre seo faoin socrú cúltaca ata déanta ag an mBreatain leis an Aontas Eorpach faoi cheist na teorann. Is é sin sa chás is go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas  gan margadh a bheith déanta acu.

  • Eitiltí ar ceal ag Ryanair Dé hAoine de bharr na stailce
    17 JULY 2018 : 13:59

    Eitiltí ar ceal ag Ryanair Dé hAoine

    Dheimhnigh Ryanair go mbeidh 24 eitilt ar ceal aige idir Éire agus an Bhreatain Dé hAoine de bharr an aighnis thionsclaígh atá ar bun ag na píolótaí ansin.

  • Fiosrúchán faoi bhás 15,000 breac i gCo.Thiobraid Árann
    17 JULY 2018 : 17:07

    Fiosrúchán faoi bhás 15,000 breac i gCo.Thiobraid Árann

    Tá fiosruchán ar bun maidir le cad ba chúis le bás suas le 15,000 breac in abhainn i gCo.Thiobraid Árann. Iascach Intíre Éireann atá i mbun an fhiosraithe.

  • Ócáid speisialta ag Ionad Naomh Muire na n-Aingeal
    17 JULY 2018 : 16:31

    Ócáid speisialta ag Ionad Naomh Muire na n-Aingeal

    Tá athrú mór ar shaol daoine a bhfuil Riachtanais Speisialta acu i dtaobh an chúraim agus na seirbhísí atá ar fáil dóibh - rud a bhí ana shoiléir i gContae Chiarraí ó mhaidin.Bhí ócáid speisialta ar bun d'ionad Naomh Muire na n-Aingeal.

  • Feachtas nua seolta faoin gcontúirt le cócaon
    17 JULY 2018 : 11:58

    Feachtas nua seolta faoin gcontúirt le cócaon

    Tá feachtas nua seolta inniu le níos mó daoine a chur ar an eolas faoina contúirtí a bhaineann le bheith ag tógáil an druga cócaon.Tá Éire ar an 4ú tír is mó san Eoraip d'ógánaigh ag tógáil cócaoin.

  • Éileamh Choiste Pobail Chéibh an tSrutháin ar Uisce Éireann
    17 JULY 2018 : 09:32

    Éileamh Choiste Pobail Chéibh an tSrutháin ar Uisce Éireann

    Tá ráiteas eisithe ag Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua ar maidin faoina pleananna atá ag Uisce Éireann, ionad cóireála fuíolluisce a thógáil le taobh na céibhe ansin.

  • 'Cóiríocht feiliúnach de dhíth ón lucht siúil'-Margaret Ó Riada
    17 JULY 2018 : 09:38

    'Cóiríocht feiliúnach de dhíth ón lucht siúil'-Margaret Ó Riada

    'Níl aon chóiríocht feiliúnach le scór bliain curtha ar fáil don lucht siúil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe', a deir Margaret Ó Riada ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe.

  • Áth Cinn i dtuaisceart na Gaillimhe, láthair na timpiste
    17 JULY 2018 : 09:53

    Scrúdú iarbháis le cur ar bhean a bhásaigh i gCo.na Gaillimhe

    Tá scrúdú iarbháis le cur ar chorp mná 54 bliain d'aois a bhásaigh i dtimpiste feirme i gCo.na Gaillimhe inné. Tharla an timpiste lámh le hÁth Cinn in oirthuaisceart an chontae.

  • Duine de theachtaí Dhún na nGall,An tAire Joe McHugh
    17 JULY 2018 : 11:21

    Coinbhinsiún Fhine Gael i gCo.Dhún na nGall ar an 26ú

    Beidh coinbhinsiún pháirtí Fhine Gael i nDún na nGall ar siúl ar an Déardaoin, an 26ú lá den mhí seo. Is in Ostán Kees i mBealach Féich a bheas an coinbhinsiún ar siúl.

  • Brú na Bóinne ar an lá is faide sa bhliain
    17 JULY 2018 : 14:37

    Tuama Pasáiste nua aimsithe i mBrú na Bóinne

    Beidh deis ag an bpobal cuairt a thabhairt ar an tuama pasáiste nua aimsithe i mBrú na Bóinne,Co.na Mí le linn Sheachtain na hOidhreachta i mí Lúnasa.Is le Devenish Nutrition an suíomh.

  • Sluaite oilithrigh ag freastal ar Fhéile Mhic Dara, Naomh Pátrún Iorras Aithneach
    16 JULY 2018 : 17:35

    Oilithreacht ársa ar Oileán Mhic Dara

    Inniu, Lá Mhic Dara agus pobal Iorras Aithneach agus an ceantar máguaird i gConamara ag ceiliúradh Naomh Mac Dara, pátrún na mbádóirí agus na n-iascairí. Bhí sé ina lá mealla agus na céadta bailithe amuigh fén aer ar Oileán Mhic Dara ó mhaidin don lá mór

  • Imní léirithe i dtuarascáil a rinne HIQA ar Ospidéal Pobail an Fháil Charraigh
    16 JULY 2018 : 17:18

    Imní faoi thorthaí fiosrúcháin HIQA san Fháil Charraigh

    Tá imní léirithe maidir le foirgneamh, Otharlann Pobail an Fháil Charraigh, leibhéal foirne san Otharlann agus cúrsaí príobháideachas de réir scrúdú a rinne HIQA i mí Mhárta na bliana seo.

  • Paul & Marie Richardson lasmuigh den Chúirt inniu i ndiaidh don breitheamh Melanie Greally téarmaí príosún a ghearradh ar an gceathrar robálaí agus fuadaitheoir
    16 JULY 2018 : 15:27

    53 bliain príosún gearrtha ar 4 fhuadaitheoirí agus robálaithe

    Sa Chúirt Choiriúil Chuarda i mBleá Cliath inniu, gearradh tréimhsí príosúin ar cheathrar ball de bhuíon coirpeach as ucht €2m a robáil ó veain airgid faoi bhealach, os cionn trí bliana déag ó shin.

  • Cuirfear srianta uisce i bhfeidhm ar Bhaile Átha Cliath agus bruachbhailte na h-ardchathrach ón 22.00 anocht go dtí 05.00 maidin amárach
    16 JULY 2018 : 15:21

    Srianta uisce san ard-chathair anocht

    Cuirfear srianta uisce nua i bhfeidhm i Mórcheantar Bhleá Cliath anocht. Beidh brú uisce íseal i dtithe agus i ngnóanna i lár na cathrach agus i scata bruachbhailte timpeall na cathrach - ón 22.00 anocht go dtí'n 05.00 ar maidin.

  • Fochonraitheoirí - a bhí ag obair ar fhoirgnimh nua na scoileanna i Loch Garmain agus i mBré Chualainn - ar phicéad lasmuigh den scoil i mBaile Loch Garmain
    16 JULY 2018 : 15:42

    Picéad ag fochonraitheoirí Carillion i mBré agus Loch Garmain

    Tá fochonraitheoirí i mbun picéid ag foirgnimh scoile nua i mBaile Loch Garman agus i mBré i gCill Mhantáin. Deir na fo-chonraitheoirí nár díoladh iad as obair a dheineadar sna scoileanna.

  • Foláireamh tugtha do bhádóirí intíre ag Uiscebhealaí na hÉireann go bhfuil leibhéil uisce na Sionainne an-íseal
    16 JULY 2018 : 14:09

    Bealaí uisce na Sionainne an-íseal

    Tá Uiscebhealaí Éireann théis fanaic a chur ar lucht báid go bhfuil leibhéal an uisce íseal ar Abhainn na Sionainne.

  • Braithfidh líon na n-uaireanta páirtaimseartha breise a fhaigheann scoileanna Gaeltachta ar líon na ndaltaí sna scoileanna
    16 JULY 2018 : 09:02

    Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

    Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbraitheadh an méid uaireannta páirtaimseartha breise a gheobhfas scoileanna atá sa Scéim Aitheantais Gaeltachta ar líon na ndaltaí atá sa scoil.

  • 150 post nua le cruthú ag Krispy Kreme, comhlacht saincheadúnais taos-chnónna as Meiriceá
    16 JULY 2018 : 09:17

    150 post nua le Krispy Kreme i mBaile Átha Cliath

    Tá Krispy Kreme a bhfuil siopaí taos-chnónna acu ar fud Mheirceá le 150 jab nua a chruthú i mBleá Cliath. Tá súil leis an siopa a bheith oscailte i mBaile an Bhlainséir i mí Mheán Fhómhair

  • €102,000 ceadaithe ag Co Co Dhún na nGall d'oibreacha bóithre áitiúla - Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair
    16 JULY 2018 : 10:31

    Maoiniú as Scéim Rannpháirtíochta Pobail

    Tá airgead ceadaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi scéim rannpháirtíochta pobail do dhá bhealach i nGaeltacht iarthar na contae.

  • 78 post nua le infheistíocht €130m i monarchan nua i bPortlaoise. Fostófar 250 le linn na tógála
    16 JULY 2018 : 10:55

    78 post nua agus infheistíocht €130m i bPortlaoise

    Tá sé fógraithe ag an gcomhlacht idirnáisiúnta Glanbia agus Leprino Foods atá i bpáirt leo go bhfuil sé i gceist acu monarcha ar fiú €130m é a thógáil i bPortlaoise le dhul ag táirge cáis mozzarrella.

  • Aiseanna nua MRI chomh maith le 12 leaba nua fógraithe d'Ospidéal Naomh Lúcáis
    16 JULY 2018 : 13:31

    Áiseanna nua d'ospidéal Naomh Lúcáis

    Tá sé deimhnithe go gcuifear seomra MRI agus áit do 75 leaba sa mbreis le hOspidéal Naomh Lúcáis i gCill Chainnigh. D'fhógair an tAire Stáit John Paul Phelan go mbeidh seomra ansin do 12 leaba ina ndéanfar cúram do dhaoine atá ag fáil bháis.

  • 13 JULY 2018 : 15:53

    Rabhadh faoi thriomach siníthe amach ag Met Éireann

    Tá an rabhaidh buí buí aimsire i leith triomaigh sínithe amach ag Met Éireann go dtí Dé Ceadaoin seo chugainn. Deir an rabhadh nach mbeidh aon tionchar ar an mbáisteach éadrom a thitfidh as seo go ceann cúpla lá ar na leibhéal taise sa talamh.

  • 13 JULY 2018 : 16:01

    Léirsiú in aghaidh foréigin i nDoire

    Beidh leirsiú poiblí ar siúl  níos déanaí i nDoire chun cur in aghaidh an fhoréigin ar shráideanna na cathrach le roinnt laethanta anuas. Bhí cruinniú idir phóiliní agus ceannairí pobail  níos luaithe, in iarracht  deireadh a chur leis an bhforéigean

  • 13 JULY 2018 : 15:00

    Fiosrúchán dúnmharaithe ar bun anois faoi bhás Conor Quinn

    Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi bhás fir i Mala aréir tar éis eachtra foréigneach ar an mbaile. Tharla an eachtra ar Shráid an Droichid idir 8.30 agus 9.00.

  • Soláthraí: Nuacht RTÉ/TG4

Advertisement