Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Hector Africa A go Z

TG4 ón 8 Deireadh Fómhair 9.30pm

28.09.20

YouTube: https://youtu.be/dkZ19ZqJhmg
 

 
#HectorAfrica
 
Sa tsraith nua seo ‘Hector Africa – A go Z’ tabharfaidh an taistealaí is fearr aithne na tíre seo, Hector Ó hEochagáin, aghaidh ar an Afraic agus gheobhaimid léargas ar an gcéad 3 áit a dtabharfaidh sé cuairt orthu agus é ar a bhealach ó Addis go dtína cheann cúrsa sa tSiombáib. Rachaidh sé ar safari, casfar curaidh Oilimpeacha, treibheanna, maoirseoirí fiadhúlra agus Rastafáraigh air, tabharfaidh sé cuairt ar fheirmeacha cát, ar shlumaí agus ar mhargaí camall, tabharfaidh Hector faoin aistear is teasaí dá thug sé faoi go dtí seo agus é ag déanamh a bhealaigh thrí mhór-roinn na hAfraice. Cuirfidh sé tús lena thuras in Addis Ababa na hAetóipe, déanfaidh sé a bhealach tríd na Súdáine agus as sin leis go Nairobi na Céinia. Ní dhéanfar dearmad go brách ar ‘A go Z’ na hAfraice seo agus Hector ina bhun!
 
Clár 1 – Aetóipe: 8/10 9.30pm

In Addis Ababa a chuirfidh Hector tús lena thuras tríd an Afraic áit a mbuailfidh sé le Haile Gebrselassie, duine de na cianreathaithe is cáiliúla riamh. Gheobhaidh sé léargas ar an trádáil caife agus tabharfaidh spléachadh ar shaol an fhaisin agus baintear siar as nuair a fhaigheann sé amach gur in 2012 atá sé de réir a bhféilire. Ó dheas ansin leis go dtí an Pobal Rastafárach in Shashamane. Triailfidh sé roinnt cát, luibh spreagthach. Níos faide ó dheas leis ansin go Gleann Omo le páirt a ghlacadh i ndeasghnáth a bhíonn ag treibh Hamar.
 
Clár 2 – An tSúdáin: 15/10 9.30pm

Tá Hector in Khartoum, príomhchathair na Súdáine, áit a dtagann an dá chuid den Níl le chéile. Tá athrú mór tagtha ar shaol mhuintir na háite ó bhí an réabhlóid ann roinnt míonna ó shin. Casfar foireann sacair mná na Súdáine air, beidh sé ina aoi speisialta ag comórtas iomrascála agus tabharfaidh sé aghaidh ar mhargadh na gcamall sula rachaidh sé ó thuaidh go Príomhchathair Ársa Ríocht Kush agus na pirimidí.
 
Clár 3 – An Chéinia: 22/10 9.30pm

Tá Hector tagtha chomh fada le Nairobi na Céinia, cathair a bhfuil athrú mór tagtha uirthi ó thug sé cuairt uirthi 16 bliana ó shin. I ndiaidh dó píosa cainte a dhéanamh leis an iriseoir iniúchta, John-Allan Namu, casfar misinéir as Éirinn, an tSiúr Miriam Duggan air i slumaí Nairobi sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Iten, baile atá thuas sna sléibhte agus ina bhfuil cónaí ar ‘Sheanóir rite na Céinia’ agus, mar a tharlaíonn sé, is as Éirinn ó dhúchas dó. Idir caomhantóirí agus maoirseoirí fiadhúlra turas dochreidte é a mbeidh deireadh leis i dTír na Samburu.

 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: