Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An clár teilifíse beo is mó le linn shamhradh 2018…

Leanaimid leis an aistear.

FleadhTV Beo ar TG4

13.08.18

Arna léiriú ag foireann Gifted Empire Productions, a bhfuil dhá Ghradam IFTA acu, tá FleadhTV ag dul ó neart go neart an samhradh seo. Tá na cláir atá á gcraoladh as ceithre chúige na hÉireann, Fleadhanna Chonnacht, Laighean, Mumhan agus Uladh na cláir ba mhó a raibh lucht féachana acu ar TG4 do mhí Iúil 2018. Tá sé in am anois do na comórtais Uile-Éireann. Beidh an clár seo á chraoladh ón mórimeacht Fleadh Cheoil na hÉireann, clár atá anois ar cheann de na cláir is mó ag TG4 ní hamháin i gcaitheamh an tsamhraidh ach le linn na bliana ar fad. Craoladh FleadhTV ar an teilifís ar dtús in 2013 nuair a bhí an Fhleadh Cheoil ar siúl i dTuaisceart na hÉireann, den chéad uair, i nDoire (Fleadh Live a bhí air an t-am sin).  D’fhéach breis is 700,000 duine ar na cláracha beo thar an deireadh seachtaine.  Ach ní hionann FleadhTV agus seónna ceoil eile teilifíse. Tá sé ar cheann de na seónna is mó a mbíonn teacht air ar ardáin éagsúla agus ábhar le fáil ar an iliomad cainéal sóisialta. Le linn sheachtain na Fleidhe in 2017, féachadh milliún uair ar fhíseáin ar líonraí sóisialta FleadhTV féin.  I mí Iúil 2018 amháin féachadh ar  fhíseáin ar a gcuid cainéal sóisialta breis is 500,000 uair, tá an t-éileamh ann, is Fleadh thar a bheith sóisialta í seo!

Seónna Fleadh TV i mí Lúnasa.  Beidh seó breise ann i mbliana agus mar sin beidh Fleadh TV ar siúil ó Déardaoin an 16 Lúnasa go Dé Domhnaigh an 19 Lúnasa, na laethanta sin san áireamh, ó 20:30 go 23:30 (nó nuair a stopfaidh an ceol!) gach oíche. Beidh Fleadh Cheoil 2018 ar siúl ar Chósta Thoir na hÉireann i nDroichead Átha. I measc na ndaoine a bheidh  ar na seónna beidh Zoe Conway, Finnegan McSherry, Duke Special & Ulaid, Rioghnach Connolly, Declan O’Rourke, Karen Casey, Mícheál Ó Súilleabháin, Kíla, The Evertides agus Frankie Gavin’s Roaring 20s Irish Orchestra.

Bíonn ceann feadhna ag teastáil ar chuile aistear agus níl aon easpa ar Fleadh TV.  Beidh Hector Ó hEochagáin ar ais i mbliana chun sráideanna Dhroichead Átha a chur soir siar! In éineacht leis, bean nach raibh ar  FleadhTV cheana,  Doireann Ní Ghlacáin, ceoltóir aitheanta agus Gaeilgeoir. Nua i measc na foirne láithreachais freisin beidh Ruth Smith, láithreoir RTÉ Radio 1 agus príomhamhránaí  The Evertides.

Sin é anois an samhradh leagtha amach daoibh le turas ceoil agus cainte. Tabharfaidh lucht an cheoil ó cheithre arda na hÉireann a n-aghaidh ar Dhroichead Átha do FleadhTV ón 16-19 Lúnasa. Nuair a bheidh tú istigh ón ngrian, diabhal bealach is fearr le sméar mhullaigh a chur ar an lá ná éisteacht le poirt agus neart eile. Seó Teilifíse ar líne agus ceoil ann féin é seo, seo é FleadhTV.

Twitter @FleadhTV // Facebook facebook.com/FleadhTV // Instagram FleadhTV

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

Gifted Empire Productions a léiríonn  FleadhTV do TG4. Is comhlacht léiriúcháin teilifíse é Gifted Empire Productions atá lonnaithe i nDoire agus a bhfuil dhá ghradam IFTA buaite acu dá gcuid seónna.  In 2015, thug siad leo an gradam IFTA don Imeacht Beo is Fearr do FleadhTV agus in 2018 thug siad leo an gradam céanna arís don Imeacht Beo is Fearr do TG4XX Beo, clár a rinne ceiliúradh ar scór bliain ó bunaíodh TG4 a craoladh as OÉG.  Is é Paul McKay an Léiritheoir agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin.  Déanfaidh Gifted Empire Productions clár nua teilifíse a léiriú as Doire an 31 Deireadh Fómhair, 2018.  Déanfaidh Samhain Live ceiliúradh ar cheiliúradh na Samhna den chéad uair riamh ar an teilifís. Déanfar Samhain Live a chraoladh i gcomhar idir BBC Tuaisceart Éireann agus TG4. Beidh cuid de na ceoltóirí agus bannaí ceoil nua-aimseartha is fearr páirteach sa seó.

Beathaisnéisí  Phríomhláithreoirí FleadhTV 2018

Ní haon strainséir é Hector ar TG4 le sé bliana déag agus is gearr ó tháinig sé abhaile ó dhufair Mheiriceá Láir lena chlár mór le rá teilifíse “Hector Central” Tá sé i mbun roinnt tograí eile a fhorbairt faoi láthair do TG4 chomh maith le clár iomlán nua taistil do 2018.

Tá Hector ag cur siamsaíochta ar fáil do mhuintir na tíre le roinnt blianta ar an raidió, in éineacht le Tommy Tiernan ar dtús ar chlár deiridh seachtaine a raibh an-tóir air agus ina dhiaidh sin ar “keep er lit”, seó maidine ar 2fm, agus tá sé anois arís i mbun raidió leis an gclár úr nua ar “Sunday Sittingroom” ar Today FM.

Tá roinnt gradam IFTA buaite ag Hector lena chuid seónna le 15 bliana.   Duine ann féin é sa tslí is gurb é féin a chumann agus a scríobhann formhór a chuid ábhair teilifíse – ina measc an clár rásaíochta capall “Only Fools Buy Horses” agus “Hanging with Hector” chomh maith leis an tsraith inar thum sé é féin i bhfochultúir ar fud na tíre ar “Hector Goes” a craoladh le linn an phríomh-ama féachana ar RTÉ 1 in 2013 & 2014.

-0-

Scoláire dochtúireachta i léinn na Gaeilge isea Doireann Ní Ghlacáin. ‘Sí filíocht bhéil Mhúscraí atá mar ábhar tráchtais aici, faoi strúir an Dr. Lillis Ó Laoire in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ní haon ionnadh gurb í an fhilíocht bhéil atá idir láimhe aici mar tá duaiseanna móra na hamhránaíochta tugtha léi le blianta beaga anuas, Corn uí Chon Cheannain agus bonn oireachtais ina measc. Is ó mhuintir a máthair, muintir Uí Riada de shliocht Chúil Aodha a d’fhoghlaim sí na hamhráin an chéad lá riamh. Ní hí an amhránaíocht is mó a bhíonn sí ag plé léithe áfaigh, tá sí ag seinnt an veidhlín ó bhí sí trí bhliana d’aois, ceird a d’fhoghlaim sí óna hathar agus a mhuintir, siad sin Muintir Glackin ó Thír Chonaill. Ó shin tá sí ag seinnt ar fud faid na tíre ag féilte ceoil agus ar chláracha teilifíse. Ní in Éirinn amháin atá cáil ar a ceol, tá sí tar éis taistil ar fud na cruinne ag seinnt ceoil, is sna Stáid Aontaithe agus san Iodáil is déanaí a bhí tarraingt uirthi.

-0-

Taibheoir, craoltóir, ceoltóir agus múinteoir í Ruth Smith atá lonnaithe i gCo. an Chláir.

Tá BA sa Cheol & i Léann na Drámaíochta & na hAmharclannaíochta ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath aici chomh maith le MA i Trad Performance ó Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol, Ollscoil Luimnigh chomh maith le CCÉ TTCT & Dioplóma Teagascóir ó Acadamh Ríoga na hÉireann.

Ar dhuine den triúr ceoltóirí agus amhránaithe The Evertides https://theevertides.com casann Ruth an fhidil, an pianó & giotár agus chas ag Doolin Folk Festival, Body & Soul & Temple Bar Trad Fest, ag tacú le leithéid Wallis Bird & The Lost Brothers. I measc obair stáitse le déanaí bhí páirt aici sa cheoldráma ‘Once’, a bhuaigh gradam Oscar agus Tony, i léiriúchán le linn shamhradh 2017 in amharclann an Olympia, Baile Átha Cliath le Landmark Productions, agus bhí sí ar dhuine den chliar bhunaidh de sheó mór THISISPOPBABY ‘RIOT’.

Tá taithí mhór ag Ruth i mbun imeachtaí a léiriú agus a chur i láthair agus bhí sí ag obair leis an Rás Aigéin Volvo in 2011/2012 agus le Cluichí Oilimpeacha Londain 2012 agus níos gaire do bhaile le Páirc an Chrócaigh – CLG, ina reachtaire ar chluichí Sraithe agus Craoibhe le cúpla bliain, Cluichí Craoibhe na Sinsear i bPáirc an Chrócaigh ina measc.

Bíonn Ruth go rialta ar RTÉ Radio 1 ag cur a seó Simply Folk i láthair http://www.rte.ie/radio1/simply-folk/ – in éineacht leis an gcraoltóir John Creedon, cuirfidh Ruth Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio1 i láthair i Vicar Street an 25ú Deireadh Fómhair.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: