Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

‘Sé mo Laoch’ ar ais ar TG4 don 11ú sraith le Laochra Beo an Cheoil Thraidisiúnta

Ag tosú ar TG4 Dé Domhnaigh 15 Samhain 9.30pm

10.11.20


Griangraf: Paddy Keenan
 

Insíonn ’Sé mo Laoch, príomhshraith cheoil thraidisiúnta TG4, scéalta roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr in Éirinn. Déantar ceiliúradh i ngach ceann den 5 chlár faisnéise uair an chloig seo ar chumas ceoil agus cruthaitheachta roinnt de na taibheoirí is cáiliúla agus is mó a bhfuil ardmheas orthu sa tír. Tugann an tsraith seo, atá á léiriú do TG4, ardán don éagsúlacht mhór ceoil agus ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn ó “Jimi Hendrix na bpíopaí”, Paddy Keenan, go dtí na deirfiúracha Nollaig Casey agus Máire Ní Chathasaigh as Corcaigh, Gabriel McArdle amhránaí as Fear Manach agus Geraldine & Éamonn Cotter, deirfiúr agus deartháir as Co. an Chláir, gan trácht ar rí ‘Kerryoke’ é féin, Séamus Begley. Is cláir ar leith agus dlúthbhainteacha iad ar fad ina n-insítear scéal na gceoltóirí ceannródaíocha seo ina bhfocail féin.
 
Tosaíonn an tsraith le súil siar ar shaol agus ar ghairm an Phíobaire Paddy Keenan. Tá Keenan ar dhuine de na Píobairí Uilleann is cáiliúla in Éirinn. Rugadh é i dteaghlach cáiliúil de cheoltóirí taistil. Bhí a chuid ceoil ina chuid lárnach d’fhuaim an Bothy Band. Is fíorannamh a dhéanann Paddy agallamh agus tá meallacacht aige a tharraingíonn ceoltóirí agus lucht leanúna chuige féin agus a chuid ceoil. Beidh Paddy Glackin chomh maith le Matt Molloy, Tríona Ní Dhomhnaill, Peter Browne, Séimí O’Dowd, Éamonn De Barra agus John McSherry páirteach sa chlár.

 
An boscadóir agus amhránaí as Ciarraí, Séamus Begley, a bheidh faoi chaibidil sa dara clár. D’fhág a chuid amhránaíochta agus an dísréad aitheanta leis an ngiotáraí as an Astráil Steve Cooney lorg buan ar an gceol traidisiúnta in Éirinn. Chas sé le Mary Black, Sharon Shannon, The Waterboys agus Téada agus bíonn sé i mbun beagán feirmeoireachta sa mbaile ar imeall thiar Leithinis an Daingin. Bhí an dlúthdhiosca ceannródaíoch ‘Meitheal’ le Cooney, ar cheann de na dlúthdhioscaí ceoil thraidisiúnta ba cháiliúla sna 90idí agus is minic a bhain a chuid seinnte bríomhaire ar an mbosca ceoil croitheadh as na fraitheacha i gceolárais ón Droichead Beag chomh fada le Tóiceo. Beidh a mhuintir in éineacht leis sa gclár seo chomh maith le Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh, Donagh Hennessey & Oisín Mac Diarmada.

 
Tugtar cuntas ar shaol agus ar ghairm na ndeirfiúracha Nollaig Casey & Máire Ní Chathasaigh as Corcaigh sa chéad chlár eile. Tá Nollaig Casey ar dhuine de na veidhleadóirí/fidléirí is mó cliú in Éirinn agus tá seinnte aici le gach duine ó Van Morrison go Planxty, Coolfin, Cherish the Ladies, Makem agus Clancy, an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus cuid mhaith eile. Is í Máire Ní Chathasaigh, deirfiúr Nollaig, an chéad bhean a bronnadh Ceoltóir na Bliana TG4 uirthi agus tá cáil uirthi freisin mar an chéad duine a chas ríleanna agus poirt ar an gcláirseach. Féachaimid ar a saol agus a gcuid ceoil le haíonna ar nós Arty McGlynn RIP, Chris Newman, Máire Ní Ghráda, Dónal Lunny & Mairéad Ní Chathasaigh.
 
Tá cliú agus cáil ar Cho. an Chláir mar bhaile an cheoil thraidisiúnta mar go bhfuil sé go smior i ngach áitreabh agus paróiste ann beagnach. Is iad Geraldine agus Éamonn Cotter, deirfiúr agus deartháir, beirt de na léiritheoirí den traidisiún is mó cáil i gCo. an Chláir. Is seinnteoir pianó agus múinteoir í Geraldine a bhfuil tuiscint ar leith ar an gceol aici agus tógadh í ag casadh le seanmháistrí an cheoil. Seinneann Éamonn an fheadóg mhór agus bíonn sé dá ndéanamh freisin. Cé gur chas sé le Banna Céilí na Tulaí agus é ina leaid óg déanann sé feadóga móra anois a chastar ar fud an domhain. Féachaimid ar a saol agus ar a gcuid ceoil le haíonna ar nós Jack Talty, Kieran Hanrahan, Áine Hensey, Méabh Donnelly & Charlie Harris.
 
Is iad amhráin agus amhránaíocht an amhránaí Gabriel McArdle, as Fear Manach, a phléitear sa gclár deireanach den tsraith seo. Tá Gabriel ar dhuine de sheoid úrnua na hÉireann le réimse ar leith amhráin agus guth atá chomh nádúrtha leis na locha agus na huiscebhealaí ina chontae dhúchais. Le Adrian Dunbar, Cathal McConnell, Mairéad Ní Mhaonaigh, Gary Hastings, Ciarán Curran, Fintan McManus, Gerry O’Connor & Martin Quinn.
 
Stiúrthóir Ciarán Ó Maonaigh agus Léiritheoir Dónal O’Connor, Léiritheoir Feidhmiúcháin Niamh Ní Bhaoill. ‘Sé mo Laoch arna léiriú ag Aniar TV.
 
 
Chun tuilleadh eolais, íomhánna ardtaifigh, agallaimh le ceoltóirí nó cóipeanna réamhléirithe a fháil déan teagmháil le:

Linda Ní Ghriofa

Eagraí Cumarsáide TG4

Linda.ni.ghriofa@tg4.ie