Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

GAA Beo ar ais go luath le sraitheanna iomána agus peile Allianz

Séasúr d’aicsean CLG socraithe do TG4

27.04.21


 

Tá riméad ar TG4 an sceideal a fhógairt do Shraitheanna Iomána agus Peile Allianz don bhliain 2021.

GAA BEO 8 Bealtaine ar TG4

 
Beidh clúdach cuimsitheach den 25 cluiche CLG ó Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz ar TG4 sna míonna amach romhainn.
 
Craolfar ar a laghad ceithre chluiche gach deireadh seachtaine. Beidh cluiche amháin ar siúl gach Satharn agus trí chluiche ar siúl gach Domhnach; craolfar dhá chluiche díobh beo ar TG4, agus craolfar an tríú cluiche beo ar Aip TG4, craolfar an cluiche sin ar fad iarbheo ar TG4 ina dhiaidh sin.
 
Cuirfear tús le clúdach na bliana 2021 ar TG4 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 8 agus 9 Bealtaine le craoladh beo ar Shraith Iomána Allianz. Is mar seo a leanas atá cluichí na deireadh seachtaine sin leagtha amach; An Iarmhí v Gaillimh, Loch Garman v Laois, Corcaigh v Port Láirge agus Aontroim v An Chlár.
 
Is ar GAA Beo a dhéantar clúdach beo agus eisiach ar chúrsaí CLG ar TG4. Is é Micheál Ó Domhnaill láithreoir na sraithe, agus beidh painéal saineolaithe agus tráchtairí éagsúla ina theannta gach seachtain. Is é Nemeton TV, atá lonnaithe i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge, atá i mbun léirithe.
 

Chomh maith leis an gcraoladh beo ar chluichí Shraitheanna Allianz, gach cuirfear tús le sraith nua seachtainiúil de GAA 2021 ar an Luain 10 Bealtaine ag 8pm ina dtaispeánfar buaicphointí chluichí CLG ón deireadh seachtaine roimhe sin.
 

Beidh gnéithe ar leith ag baint le clúdach GAA Beo, gnéithe mar Athfhéachaint á taispeáint ar scáileán beag eile fad is a leanfar den chraoladh beo a thaispeáint chun a chinntiú nach gcaillfidh an lucht féachana soicind amháin féin den imirt bheo, chomh maith le ceamaraí suite taobh thiar den dá chúl chun seatanna beo a fháil de na poic amach agus de na ciceanna amach, trína bhfaighidh an lucht féachana tuiscint i bhfad Éireann níos teaicticiúla ar an ngné thábhachtach seo den chluiche. Cuirfidh foireann GAA Beo scéalta na n-imreoirí i láthair an lucht féachana chomh maith, agus craolfar gnéchláir ar mhórimreoirí iomána agus peile, imreoirí mar Jamie Barron Phort Láirge agus Ryan McHugh Dhún na nGall.
 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha: “Tá an-áthas ar TG4 go mbeidh Sraitheanna Iomána agus Peile Allianz ar ais linn i mbliana, agus go mbeimid in ann an imirt ar fad a thabhairt chomh fada libh sa mbaile. Beidh muid ag obair lenár gcomhpháirte i gCLG agus sna hionad imeartha éagsúla ar fud an oileáin chun a chinntiú go mbeidh na hionaid sin sábháilte do gach duine a bheidh i láthair. Tá stair fhada ag ár stáisiún clúdach cuimsitheach CLG a chur ar fáil, agus táimid sásta gur féidir linn é seo a dhéanamh go fóill fiú le linn na tréimhse dúshlánaí seo”
 
 

Nótaí don Eagarthóir:

  • Is féidir Aip TG4 íoslódáil ón Apple App Store nó ar Google Play
  • Má tá tú ag breathnú ar GAA Beo ar an Aip i dTuaisceart Éireann, is gá duit cinntiú go bhfuil do ‘Location Services’ ar siúl ar do ghiorras.
  • Is féidir Aip TG4 a casadh ar scalán teilifíse mór

 
 
 


Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: