Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ardú le teacht ar an scoithphointe ag a n-íoctar 20% cánach

27 MEÁN FÓMHAR 2024, 13:16

Tá sé i gceist ag an rialtas an scoithphointe pá ag a dtagann an ráta caighdeánach cánach chun deiridh a ardú ó €42,000 go dtí €44,000.
X Facebook

Tá sé i gceist ag an rialtas an scoithphointe pá ag a dtagann an ráta caighdeánach cánach chun deiridh a ardú ó €42,000 go dtí €44,000.

Is é 20% an ráta caighdeánach cánach, a ghearrtar ar an gcéad €42,000 duine a thuilleann oibrithe; gearrtar 40% cánach ar an gcuid eile dá bpá. Ach tuigtear go RTÉ go bhfógróidh an rialtas i gcáináisnéis na seachtaine seo chugainn go ngearrfar 20% ar an gcéad €44,000 feasta.

Aontaíodh an t-ardú i bprionsabal i ndiaidh don Aire Airgeadais, Jack Chambers, an moladh a chur chun tosaigh.

Aontaíodh an t-ardú i bprionsabal i ndiaidh don Aire Airgeadais, Jack Chambers, an moladh a
chur chun tosaigh.

Tuigtear gur phléigh an tAire Airgeadais, an tAire Caiteachais Phoiblí agus ceannairí an chomhrialtais an t-athrú aréir.

Leanfar thar an deireadh seachtaine leis na cainteanna maidir leis na beartais uile a fhógrófar sa bhuiséad Dé Máirt.