Skip to main content
Menu

Amhrán na Mara

     

Fógraíocht

Scannán: Amhrán na Mara 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

(2014, Beochan) David Rawle, Brendan Gleeson agus Lisa Hannigan na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Tomm Moore. Féachann Ben agus a dheirfiúr óg Saoirse, atá in ann iompú isteach i rón, na sióga a ligean saor agus an saol eile a shábháil.

Chéad Taispeántas: 6 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Scannán álainn í seo a thugann insint draíochtúil ar scéal Ben agus a dheirfiúr bheag Saoirse -an leanbh-rón deireanach- a théann ar thuras iontach isteach i ndomhan draíochta na finscéalaíochta ársa atá ag dul i léig in iarracht filleadh ar a mbaile cois farraige.

Tógann an scannán inspioráid ó bhanrónta miotaseolaíocha bhéaloideas na hÉirean, neacha a chónaíonn mar rónta san fharraige ach mar dhaoine ar thalamh.

Rannpháirteach sa leagan gaeilge, tá glórtha Brendan Gleeson agus  Fionnuala Flanagan,  agus ceol ó Colm Ó  Snodaigh agus Lisa Hannigan a chuir cuid d’fhuaimrian ceoil an scannáin ar fáil.

Cruthaithe ag Cartoon Saloon;  Leagan Gaeilge le Macalla Teo

Físeáin ar Fáil