An Lá a Rugadh Mé | Daoine Cáiliúla | Stair | Sraith Theilifíse | TG4 Skip to main content
Menu

An Lá a Rugadh Mé

Máir
8.30pm
     

Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas breise faoi imeachtaí na tíre seo, an lá ar rugadh iad.
Dé Máirt @ 8.30pm

Fógraíocht

An Lá a Rugadh Mé 2-1

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith thaitneamhach ina bhfuil deis ag duine aitheanta cur lena chuid eolais faoi na scéalta suntasacha nó aite a bhí á dtabhairt chun solais sna nuachtáin ag an am ar tháinig sé/sí ar an saol. Sa chlár seo scrúdóidh an léitheoir nuachta, Eileen Dunne, na mórscéalta a bhí i mbéal an phobail an lá a rugadh í, i 1958. Á chur i láthair ag Harry McGee.

Chéad Taispeántas: 19 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas breise faoi imeachtaí na tíre seo, an lá ar rugadh iad. Scrúdaíonn an duine na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é / í agus tá cead ansin dul sa tóir ar scéal ón lá sin nó iarmhairt éigin de. Tar éis eagrán iomlán an lae a léamh, roghnaíonn an t-aoi a scéal agus seo leo anois ar aistear ar thóir breis eolais faoin scéal agus ag caint le daoine a thabharfaidh léargas breise dóibh. I measc na n-aíonna beidh Luke Fitzgerald, Eileen Dunne, Peter Coonan, Valerie Mulcahy agus Séamus Begley.
 
Clár 2 – Luke Fitzgerald
Fiosróidh an t-iar-imreoir rugbaí, Luke Fitzgerald, na scéalta a bhí sa nuacht an lá a rugadh é, an 13ú Meán Fómhair 1987. Gheobhaidh sé amach faoin gcéad fhear a chuaigh trasna an Atlantaigh agus ar ais, leis féin, i mbád iomartha. D’fhógair an Coirnéal Gadaffi feachtas mór earcaíochta in Éirinn le súil is speisialtóirí a mhealladh le dul ag obair sa tionscal ola.
 

Físeáin ar Fáil