Ár gClub | Faisnéis | Clubanna CLG | An Ghaeltacht | Na Piarsaigh | Na Dúnaibh | Cill Mochuda na Crócaigh | TG4 Skip to main content
Menu

Ár gClub

Déar
8.00pm
Luan
7.30pm
     

Sa tsraith nua seo, tabharfar léargas ar na himeachtaí, na buaicphointí
agus na trioblóidí a bhaineann do cheithre chumann CLG le linn 2018

Dé Luain @ 7.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Tagann foirne as gach áit go Gaeltacht Chorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí do Chomórtas bliantúil Pháidí Uí Shé atá á reáchtáil ag muintir Uí Shé agus CLG na Gaeltachta. I mBaile Átha Cliath, tá Club Chill Mochuda na Crócaigh ag iarraidh Camóige a chur chun cinn sa bparóiste. Caitheann na cailíní ar an bhfoireann F12 agus a dtuismitheoirí dul i ngleic le cúrsaí tráchta. I dTír Chonaill, tugann baill chumann na nDúnaibh faoin seastán nua a thógáil iad féin. I gConamara, tá imní ar bhainisteoir fhoireann na mban i Ros Muc nach mbeidh dóthain imreoirí aige le foireann a chur chun páirce.

Chéad Taispeántas: 14 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ár gClub

Cumann Lúthchleas Gael, a bhfuil 2,500 cumann ar fud na tíre cláraithe leis, an eagraíocht cultúir agus sóisialta is mó in Éirinn. Is beag paróiste nach bhfuil cumann CLG ann agus go minic is é an cumann sin croílár an cheantair. Sa tsraith nua seo, tabharfar léargas ar na himeachtaí, na buaicphointí agus na trioblóidí a bhaineann do cheithre chumann CLG le linn 2018 – An Ghaeltacht i gCiarraí, Na Piarsaigh i nGaillimh, Na Dúnaibh i nDún na nGall agus Cill Mochuda na Crócaigh in Áth Cliath.


Clár 2 – Dé Luain @ 7.30pm
Tagann foirne as gach áit go Gaeltacht Chorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí do Chomórtas bliantúil Pháidí Uí Shé atá á reáchtáil ag muintir Uí Shé agus CLG na Gaeltachta. I mBaile Átha Cliath, tá Club Chill Mochuda na Crócaigh ag iarraidh Camóige a chur chun cinn sa bparóiste. Caitheann na cailíní ar an bhfoireann F12 agus a dtuismitheoirí dul i ngleic le cúrsaí tráchta. I dTír Chonaill, tugann baill chumann na nDúnaibh faoin seastán nua a thógáil iad féin. I gConamara, tá imní ar bhainisteoir fhoireann na mban i Ros Muc nach mbeidh dóthain imreoirí aige le foireann a chur chun páirce.

Físeáin ar Fáil