Béaloideas Beo | Entertainment | Irish TV Series | TG4 Skip to main content
Menu

Béaloideas Beo

Máir
8.00pm
     

Súil siar ar Sraith 1 de Béaloideas Beo.

Fógraíocht

Béaloideas Beo 1-6

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith béaloideasa á cur i láthair ag Seán Mac an tSíthigh. Is cuma bocht nó saibhir tú, tá an bás i ndán dúinn go léir. Na nósanna agus na traidisiúin a bhaineann leis an mbás agus na mairbh, tórraimh agus sochraidí a bheidh á bplé ag Seán agus a chuid aíonna an tseachtain seo.

Chéad Taispeántas: 18 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Súil siar ar sraith a 1 de Béaloideas Beo – 13 clár ina nochtfar breis den saibhreas iontach ilghnéitheach béaloideasa agus nósmhaireachtaí eile atá folaithe i saol an lae inniu agus beo bláfar in Éirinn a bhíonn ag ligean uirthi féin go bhfuil na nithe “seanóracha” sin ar fad ligthe i ndearmad againn.

Is é an craoltóir aitheanta, Seán Mac an tSíthigh  an láithreoir agus beidh saineolaithe, scoláirí, seanchaithe agus ceoltóirí ina fhochair sa stiúideo agus iad ag cíoradh agus ag ceistiú an tsaibhris atá faighte againn le hoidhreacht – idir scéalta, nósanna, orthaí, leigheasanna,  beannachtaí, mallachtaí agus modhanna teagmhála leis an saol eile.   Más suim leat an béaloideas, seo an tsraith duit.    Muna bhfuil mórán eolais agat faoin taisce eolais agus comhairle atá ar fáil ann, foghlaimeoidh tú go leor.


Léiriú le Sibéal Teo

Físeáin ar Fáil