Beidh Aonach Amárach | Aonaigh Talmhaíochta | Sraith Faisnéis | TG4 Skip to main content
Menu

Beidh Aonach Amárach

Déar
8.00pm
     

Spraoi agus spórt, díospóireacht agus comhluadar –
sin mar a bhíonn ag Taispeántais Feirme na tíre
Déardaoin @ 8.00pm

Fógraíocht

Gleann Cholm Cille 1-5

Rátáil Tuismitheora: G

Ag taispeántas talmhaíochta Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall a bheimid an tseachtain seo. Tá Kathleen McGinley, iarmhúinteoir, réidh don chomórtas cniotála agus cróiseála; tá Shane McIntyre dóchasach go n-éireoidh lena chuid glasraí. Tá súil ag Mairéad Ní Chuinneagáin go n-éireoidh lena cuid grianghraf. Níl a fhios ag John James McLoughlin an bhfreastalóidh sé ar an gcomórtas leis an reithe is fearr atá aige mar go mbeidh an cluiche mór idir Dún na nGall agus Tír Eoghain ar siúl an t-am céanna.

Chéad Taispeántas: 22 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Beidh Aonach Amárach

Beidh spórt agus spraoi, caint agus cuideachta, teannas agus trófaithe ann nuair a bhuailfimid bóthar le lucht na dtaispeántas feirme ar ‘BEIDH AONACH AMÁRACH.’

Sraith sé chlár leathuair an chloig í BEIDH AONACH AMÁRACH a thabharfaidh léargas ar an domhan spéisiúil seo. Bíonn 140 seó nó taispeántas feirme ar siúl sa tír gach bliain a tharraingíonn na sluaite, idir lucht féachana agus iomaitheoirí. Bíonn na hiomaitheoirí ag réiteach ar feadh roinnt mhaith míonna roimh an am – ag traenáil, ag bearradh, ag sciúradh, ag péinteáil, ag cniotáil, ag bácáil agus ag réiteach a gcuid ainmhithe luachmhara don lá mór.

Chaith ár gcriú teilifíse agus ár gceamaraí am in éineacht leo i gcaitheamh na bliana, ar a gcuid feirmeacha agus ina gcuid tithe. Seo iad na daoine a bheidh in iomaíocht do na príomhdhuaiseanna agus a chaitheann dua leis an obair – is cuma mura bhfuil acu ach pocaide gabhair – beidh siad i lár an aonaigh!

Ach bíonn níos mó ná iomaíocht ghéar i gceist. Bíonn slua mór taobh thiar den obair a dhéantar – idir mhaoir, mholtóirí, choistí deonacha agus slua cúntóirí i ngach baile a mbíonn taispeántas ann. Bíonn spraoi ag daoine, cinnte- ach bíonn obair mhór ar siúl taobh thiar de na seastáin tharraingteacha. Agus ní haon jab éasca é an buaiteoir a roghnú as ainmhithe den chéad ghrád. Bíonn tóir mhór ar an ribín dearg sin!

Sa tsraith seo tabharfar léargas ar thaispeántais den uile chineál- na cinn is mó – Balmoral agus Tulach Mhór; na cinn is gleoite –Seó Talmhaíochta Chiarraí Thiar agus Gleann Cholm Chille agus na cinn thraidisiúnta – Gleann Fhinne agus Gleann Clochar. Beidh daoine ag glacadh páirte iontu agus daoine eile ag baint sult astu, agus iad ag taisteal chucu ó cheann ceann na tíre. Bíonn go leor ag brath ar an ribín dearg sin agus bítear an-dáiríre faoi.

Físeáin ar Fáil