Beidh Mé Ar Ais! | Sraith turasóireachta | Saoire in Éireann | TG4 Skip to main content
Menu

Beidh Mé Ar Ais!

Cuir aithne ar ár láithreoirí Osgur agus Sinéad.

OSGUR Ó CIARDHA

Is saineolaí turasóireachta é Osgur. Tá sé i bhfeighil ar an mbrú iomráiteach Generator i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath agus tá breis agus deich mbliain de thaithí aige san earnáil fáilteachais. Tá taithí únéireachta, bainistíochta agus sainchomhairleoireachta gnó aige in Éirinn agus Meirceá Theas. Comhbhunaitheoir Pop Up Gaeltacht is ea é le suim faoi leith i gcúrsaí teanga, cultúr agus nuálaíocht.
 
 
 
 
 

SINÉAD NÍ UALLACHÁIN

Is as Baile an Éanaigh i gCorca Dhuibhne do Shinéad Ní Uallacháin. Is craoltóir í le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sí an clár ceoil Sinéad ar Maidin i láthair ó Luan go hAoine ar an stáisiún, mar aon le bheith ag obair ar an gclár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig, agus an clár cainte Bláthnaid Libh. Is duine de thriúr an phodchraoladh Beo ar Éigean í, podchraoladh seachtainiúil a chuireann sí i láthair in éineacht lena cairde agus comhghleacaithe, Siún agus Áine. Tá spéis aici i gcúrsaí ealaíne agus tá a cuid pictiúr le feiscint i leabhair a d’fhoilsigh na heagraíochtaí Fighting Words, Hope Guatemala, chomh maith leis An Gúm, LeabhairCOMHAR agus Coiscéim. Scríobhann sí go rialta don iris ar-líne Nós. Cuirfidh a cuid taithí ag labhairt le muintir na tíre go mór lena ról sa tsraith seo, agus í ag féachaint ar na hiontais ar fad ó shúil an turasóra. Is í a bheidh mar ghuth an phobail.

Físeáin ar Fáil