Skip to main content
Menu

Comhrá

     

Dreas comhrá le Máirtín Tom Sheáinín,
ina insíonn a chuid aíonna scéal
a mbeatha ar a mbealach féin.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Deasún Fennel a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín. Tá aithne mhaith ar Dheasún agus ar a chuid scríbhneoireachta, a bhí go minic conspóideach. Déanfaidh sé cur síos do Mháirtín ar an deich mbliana a chaith sé ina chónaí i nGaeltacht Chonamara agus an dearcadh a bhí aige ag an am.

Chéad Taispeántas: 19 Mar

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Formáid thar a bheith  simplí í seo ina ndéantar dreas comhrá le duine gan áiféis ná gáifeacht.  Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann.  Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Tá Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama.   Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.

Sa tsraith seo de Comhrá, beidh aisteoirí, ‘s spaisteoirí, ceoltóirí ‘s polaiteoirí, seoltóirí, filí agus uachtaráin.  I measc na n-aíonna an séasúr seo beidh Uachtarán an CLG, Aogán Ó Ferghail, Bríd Rodgers, polaiteoir leis an SDLP, an t-aisteoir Niall Mac Eamharchaigh atá i bpáirt John Joe i Ros na Rún, Páraic Ó Gaora a bhí ina phríomh-Eagarthóir Nuachta le Nuacht RTÉ, Íte Ní Chionnaith, an chéad ban-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus Joe Higgins, iar-Theachta Dála leis an bPáirtí Shóisialach.

Físeáin ar Fáil