Crainn na hÉireann | Nádúr | Faisnéis | Timpeallacht | TG4 Skip to main content
Menu

Crainn na hÉireann

Déar
9.30pm
     

Téann Manchán Magan ag lorg tuilleadh eolais faoi Chrainnte na hÉireann
Déardaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Nádúrú na gCrann 1-9

Rátáil Tuismitheora: G

Nádúrú na gcrann nach crainn dhúchasacha iad ach a tháinig isteach le gluaiseacht daoine is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Breathnóidh sé ar chrainn ar nós an crann cnó capaill, an seiceamar, an feá agus an plána Londan. Ba láithreacha trialacha agus tástála do chrainn andúchasacha iad gairdíní ar nós Kilmacurragh i gCo. Chill Mhantáin sa naoú haois déag - agus iad ag iarraidh a fháil amach an bhfásfaidh crainn ón Áise agus as Meiriceá anseo.

Chéad Taispeántas: 12 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith teilifíse ar Chrainnte na hÉireann ag athnuachan an ceangal idir an duine agus an crann agus ag féachaint ar conas a sholáthraíonn siad bia, dídean, teas agus leigheas dúinn agus mar a chothaíonn an timpeallacht gach aon lá dar saol.
 
Clár 10…
Ar Eastat Chúirt an Phaoraigh i gCill Mhantáin a bheidh Manchán Magan an tseachtain seo áit a bhfuil roinnt de na crainn is andúchasaí agus is airde in Éirinn. Casfaidh sé le Michael Byrne príomhgharraíodóir an eastáit a thabharfaidh turas dó ar an eastát. I measc na nithe atá le feiceáil ann tá crónghiúis as na Stáit Aontaithe, Céadar as an Liobáin agus gairdín a dhear muintir Wingfield sa mbliain 1908.
 

Léiriú le Abú Media.

 

Físeáin ar Fáil