Éire Fhiáin - An Cósta Thiar | Faisnéis | Nádúr | TG4 Skip to main content
Menu

Éire Fhiáin – An Cósta Thiar

26/12
7.30pm
27/12
7.30pm
     

Aistear fiadhúlra ar cheann do na cóstaí is suntasaí
ar dhomhain leis na hainmhithe rúndiamhracha agus
na háiteanna fiáine a thugann draíocht faoi leith dó.
Dé Céadaoin 26ú & Déardaoin 27ú Nollaig @ 7.30pm

Sraith speisialta dhá uair ar an tírdhreach is fiáine, iontasaí in Éirinn – na carraige agus na farraige a chlúdaíonn 1,600 ciliméadar ar imeall Atlantach na tíre. Le fiadhúlra draíochtúil i dtírdhreacha breátha, idir muir agus talamh, agus faoi thionchar an tsolais is drámatúil san Eoraip, is léargas spéisiúil í an tsraith seo ar na hainmhithe fiáine a chónaíonn ar chósta a bhí mar imeall an domhain aitheanta ar feadh na cianta. Curtha i láthair ag Eoin Warner agus léirithe ag foireann a rinne cuid de na cláracha fiadhúlra is iomráití le roinnt blianta anuas, usáideann Éire Fhiáin – An Cósta Thiar na cleasanna ceamara is déanaí  – infridhearg, macra agus mallghluaiseacht chun íomhánna suntasacha a chur le scéalaíocht chumasach le scannán sonrach a chruthú faoi na beithígh ceilte agus na dúichí rúnda i ríocht Atlantach na hÉireann.

 
Léiriú le Crossing the Line Productions
 
 

 
 
Éire Fhiáin - Siorc

Físeáin ar Fáil