Éire na Nuachtscannán | Fáisnéis | Clár TG4 | Sraith Gaeilge Skip to main content
Menu

Éire na Nuachtscannán

Máir
7.30pm
     

Fógraíocht

Éire na Nuachtscannán 1-2

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith 6 chlár a thugann léargas ar an mbealach inar cuireadh imeachtaí in Éirinn i láthair sna nuachtscannáin. Ba mhór i gceist iad na nuachtscannáin idir 1910 agus 1950 agus bhí tionchar mór acu ar an bpobal. Faoi chaibidil sa chlár seo beidh an léiriú a tugadh iontu ar an méid a rinne Éire le saoirse a bhaint amach, ó Éirí Amach na Cásca go dtí síniú an Chonartha agus an léiriú a thug comhlachtaí nuachtscannán na Breataine ar Chogadh na gCarad ina dhiaidh sin.

Chéad Taispeántas: 10 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Éire na Nuachtscannán

Roimh theacht na teilifíse, b’iad na nuachtscannáin an t-aon fhoinse do nuacht ar scáileáin a bhí ag an lucht féachana in Éirinn. Bhíodh mír mar seo mar chuid thábhachtach den réamh-shiamsaíocht sa bpictiúrlann. De bhrí nach raibh aon chomhlacht soláthair lonnaithe in Éirinn ar bhonn rialta, is trí shúile na n-eachtrannach (Sasanaigh nó Poncánaigh) is minice a léirigh na nuacht-scannáin seo imeachtaí sa tír seo, rud a chinntigh go leor míthuiscintí agus claon-léiriú ar imeachtaí go leor.

Tugann an tsraith seo de Éire na Nuachtscannán, 6 chlár, léargas dúinn ar an mbealach inar cuireadh imeachtaí in Éirinn i láthair sna nuacht-scannáin. Is í Síle Nic Chonaonaigh an tráchtaire agus ar na saineolaithe atá páirteach, tá an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Kasandra O’Connell, Linda Kaye, Jim Horgan, Niamh Ní Argáin, John Hill, Ciara Chambers, An Dr. Dónal McAnallen, An Dr. Seán Crosson, An Dr. Kevin Rockett, An Dr. Mary Harris, An tOllamh Bríona Nic Dhiarmada, Sunniva O’Flynn, Antoine Ó Coileáin agus An Dr. B. Mairéad Pratschke.

 

Físeáin ar Fáil