Fíorscéal | Sraith Idirnáisiúnta Faisnéise | TG4 | Gaeilge Skip to main content

Fíorscéal

Déar
10.30pm
Máir
mall
     

An tSeachtain seo ar Fíorscéal:
Sruth na Beatha in Andalucia
Déardaoin @ 10.30pm

Fógraíocht

Fíorscéal 18-30

Rátáil Tuismitheora: 12A

Clár faisnéise faoi Réabhlóid Cultúir na Síne agus an tionchar a bhí aige ar an dream ar ar tugadh 'na Leanaí Dearga'. Ba as gach cearn den domhan tuismitheoirí na leanaí seo a tógadh ar bhealach an-éagsúil ón dtuismitheoirí - i sochaí a thug adhradh don chumannachas agus don Cheannaire, Mao Tse-Tung. D'fhreastail siad ar scoileanna na Síne agus bhí sna "Gardaí Dearga" agus ghlac go hiomlán leis an gcumannachas. Ach nuair a tháinig Réabhlóid Cultúir na Síne chun cinn, tharla coimhlint idir aicmí agus d'iompaigh an tsochaí ina n-aghaidh.

Chéad Taispeántas: 19 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Fíorscéal

Séasúr nua de Fíorscéal a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is fearr, is misniúla agus is conspóidí ar domhan le athghuthú Gaeilge ar rogha clár faisnéise ón iasacht.  Oscailt ar shúil eile is ea gach clár acu.


Sraith Nua


Sruth na Beatha in Andalucia  26.04.18 @ 10.30pm

Tabharfaidh an tsraith seo ‘Water Is Our Future’ léargas ar an nganntanas uisce atá i gcúig cheantar éagsúla ar fud an domhain agus mar a théann muintir na gceantar sin i ngleic leis an bhfadhb mhór seo. Tá baol ann gur fásach a bheidh go gairid i gceantar Andalusia sa Spáinn. Ach a bhuíochas do thraidisiúin éagsúla agus teicneolaíocht nua-aimseartha, is féidir le feirmeoirí an méid uisce a úsáideann siad a laghdú.

 

Sruth na Beatha ón gColorado  03.05.18 @ 10.30pm

Tá Abhainn Colorado ar cheann de na foinsí soláthair uisce is tábhachtaí sna Stáit Aontaithe ach ní habhainn cheart í a thuilleadh.

 

Sruth na Beatha ó Ghual na Gearmáine  10.05.18 @ 10.30pm

Tabharfar léargas ar shéarach fíorshalach sa Ghearmáin agus mar a dhéantar abhainn glan as an séarach.

Físeáin ar Fáil