Amhránaí na Bliana | Thomas McCarthy | Gradam Ceoil TG4 2019 | TG4 Skip to main content
Menu

Gradaim 2019

Amhránaí na Bliana

Tá glór breá, láidir, lán le tréithe agus áilleacht ag an amhránaí seo. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis an teicníc atá aige. Léiríonn an stíl atá aige an chumhacht atá le scéalaíocht in amhráin, nach díreach an t-amhrán a chasadh atá i gceist.

Thomas McCarthy

Ardlua

Tá glór breá, láidir, lán le tréithe agus áilleacht ag an amhránaí seo.  Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis an teicníc atá aige. Léiríonn an stíl atá aige an chumhacht atá le scéalaíocht in amhráin, nach díreach an t-amhrán a chasadh atá i gceist. Tá an bealach a chuireann sé an t-amhrán, an scéal agus an stair a bhaineann leis amhrán i láthair thar a bheith spéisiúil. Tá bealach ar leith aige chun ceangail a dhéanamh leis an lucht éisteachta. Ina theannta sin, tugann sé leis an stíl amhránaíochta ar leith sin – gluaiseacht sna nótaí níos faide – ar a dtugtar an ‘warble‘. Is ambasadóir an fear seo d’amhránaíocht agus d’amhráin an lucht siúil.  Chomh maith leis an stór iontach amhrán agus taifeadtaí atá aige agus na cuir i láthair láidre atá déanta aige i gcomhthéacs an cheoil thraidisiúnta, bíonn sé ag gabháil fhoinn in éineacht le hamhránaithe eile i réimsí éagsúla disciplíní, lena n-áirítear Seamus Harahan le déanaí i ‘My Comfort and My Joy: Songs from the Irish Other’, i nGailearaí Dhúghlas de hÍde. Téann sé ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain chun a chuid ceoil agus traidisiúin a chur os comhair lucht éisteachta agus féachana atá ag méadú – idir scoileanna, theacht le chéile agus hallaí ceolchoirme. Tá sé ar dhuine de na hamhránaithe is iontaí agus is tochtmhara atá ann sa lá atá inniu ann.

Is é Thomas McCarthy buaiteoir Ghradam Amhránaí TG4 2019.

 

Biog

Rugadh Thomas McCarthy i mBiorra, i  gCo. Uíbh Fhailí, do theaghlach de chuid an lucht siúil a bhfuil ardmheas orthu. Bhí clú agus cáil ar a sheanathair mar ‘Sheanchaí’ agus dá bharr sin ba dhuine é le feasacht ollmhór ó bhéal, ar stair agus ar theaghlaigh in Éirinn.

D’fhoghlaim Thomas ceirdeanna na hamhránaíochta agus na scéalaíochta óna mháthair, Mary McCarthy, a chuid aintíní agus uncailí. Go deimhin, tá stair mhór fhada ceoil ag a mhuintir trí chéile, ina measc na deartháireacha Doran a bhfuil aithne mhaith agus ardmheas orthu agus a seanathair siúd, “Big John Cash”, a chasfadh an phíb uilleann.

Bhog Thomas go Londain ag deich mbliana d’aois, ach lean sé air ag taisteal lena chlann, anonn is anall, timpeall ar Éirinn agus ar Shasana. Thug a mhuintir féin faoi deara agus é óg go maith go mba mhaith an fonnadóir é, ach bhain sé cáil phoiblí amach i 2008, i ndiaidh do fhreastalaí beár aird a tharraingt air ag bainis clainne. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thug sé aghaidh ar Theach Cecil Sharp i gCamden Town, Londain. Thit sé isteach anseo le grúpa d’amhránaithe i gclub amhráin tíre, ar baineadh stangadh astu nuair a chualadar stíl chumhachtach ach ghrinn, ársa ach barántúil, amhránaíochta lucht siúil na hÉireann aige agus de bharr feabhas na hamhráin neamhchoitianta a thug sé leis.

Tá Thomas ag obair leis ó shin ag casadh i gclubanna agus ag féilte ar fud na Ríochta Aontaithe agus in Éirinn, chomh maith le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa. Dúirt Joe Power, a reáchtálann an club amhrán tíre i nDún Garbhán in Éirinn faoi, gurb é “an rud is iontaí é le teacht amach as Éirinn le leathchéad bliain”.

Ina theannta seo, tá tóir mhór air mar scéalaí iomráiteach do dhaoine óga, sa Bhreatain agus Meiriceá, ag obair i scoileanna agus ag féilte agus é ag tarraingt ar sheanscéalta agus stíl inste ‘cois teallaigh’, a thug sé leis óna mhuintir. Ní theipeann riamh air na leanaí a chuir faoi gheasa, oideachas a chuir orthu agus iad a thabhairt leis, cuma cé dar díobh iad.

Tá trí CD foilsithe aige ó 2011. Eisíodh an chéad cheann, ‘Round Top Wagon’, léirithe ag Ron Kavana, i 2011, faoin ainm Tommy McCarthy agus tharraing sé cuid mhaith cainte, ní amháin de bharr go raibh sé ag cur réimse amhránaíochta neamhgnách, nach raibh taifeadta rómhinic cheana, os comhair cuid mhaith éisteoirí nua – seachas, b’fhéidir, an bailiúchán nua go maith de thraidisiúin cheoil, ‘From Puck To Appleby’, a d’iompaigh an spotsolas ar chuid de ghaolta Thomas, agus i bhfad roimhe sin ar cheirnín de chuid an lipéid Topic ó na 60aí, a raibh John Reilly mar phríomh-amhránaí air.  

Thiomnaigh sé an dara CD, “Herself and Myself”, a eisíodh i 2014, dá mháthair agus thug aitheantas faoi leith di féin air freisin agus í ag canadh ‘Young Willie’ ann. Ba chomhléiriú le Viv Legg ó phobal Lucht Siúil Romani Corn na Breataine a bhí sa tríú CD. Tugadh “Jauling the Green Tober” air, mar ómós don dá thraidisiún den lucht siúil lena mbaineann siad beirt. Ciallaíonn an focal Romani “Jauling” – siúl – agus is focal ag an lucht siúil in Éirinn é “tober”, a chiallaíonn an bóthar.

Is gníomhaí ar son a phobail féin é Thomas chomh maith. Uaireanta léiríonn sé seo trí oideachas dearfach a chuir ar an lucht éisteachta le linn a chuid taispeántais, cainteanna agus seisiúin scéalaíochta, in amanna eile tugann sé aghaidh go neamhbhalbh ar an gciníochas agus caint chiníoch i gcoinne an lucht siúil nuair a thagann sé trasna air. Bhí sé rannpháirteach i gcuid mhaith tionscadail oideachasúla comhionannais agus imeachtaí & comhdhálacha cothromaíochta agus éagsúlachta, áit ar chuir sé eolas úsáideach ar fáil do dhaoine gairmiúla atá ag iarraidh oibriú go dearfach le pobal an Lucht Siúil.

 

www.thomasmccarthyfolk.com

www.travellergypsystory.org

 

Físeáin ar Fáil