Gradam Comaoine | Brendan Mulkere | Gradam Ceoil TG4 2019 | TG4 Skip to main content
Menu

Gradaim 2019

Gradam Comaoine

Tá fear chontae an Chláir, Brendan Mulkere lárnach i diaspóra na hÉireann i Londain agus is iomaí hata atá caite aige – ambasadóir neamhoifigiúil cheol na hÉireann i Londain, gníomhaí ar son chearta mhuintir na hÉireann, léiritheoir ceirníní, poiblitheoir agus ceoltóir.

Brendan Mulkere

Ardlua

Tá fear chontae an Chláir, Brendan Mulkere lárnach i diaspóra na hÉireann i Londain agus is iomaí hata atá caite aige – ambasadóir neamhoifigiúil cheol na hÉireann i Londain, gníomhaí ar son chearta mhuintir na hÉireann, léiritheoir ceirníní, poiblitheoir agus ceoltóir. Ach is fearr an aithne atá air áfach mar mhúinteoir cheol traidisiúnta. Is cinnte gur casadh Brendan ar gach ceoltóir traidisiúnta na hÉireann a rugadh i Londain, ag tráth amháin nó ag tráth eile.

Tá ceol traidisiúnta múinte aige do raidhse ceoltóirí sna 50 bliain a bhfuil sé ina bhun lena n-áirítear John Carty, Niall Keegan, John Whelan, John Blake, Claire Egan agus Lamond Gilespie, agus níl ansin ach cuid acu. Tá cuidithe aige stíl Londan de cheol traidisiúnta na hÉireann a chur os ár gcomhair freisin.

Dá bhrí sin, tá an gradam seo, Gradam Comaoine na bliana seo tuillte go maith ag Brendan Mulkere.

 

Biog

Is as Croisín in oirthuaisceart an Chláir é Brendan Mulkere ó dhúchas. Ba mhúinteoir ceoil agus feirmeoir é a athair Jack Mulkere, as Cill Tartan i ndeisceart na Gaillimhe, comrádaí de chuid Paddy Fahy agus Paddy Kelly a bhunaigh banna céilí Shléibhte Eachroma. Mhúin athair Jack scaitheamh i scoil scairte agus bhí aithne aige ar Lady Gregory & WB Yeats a bhí i dTeach na Cúile,  áit ar aistrigh sé seanchas agus miotas do Lady Gregory agus Yeats.

I ndiaidh dó freastal ar Choláiste Naomh Fhlannáin, in Inis, bhog Brendan go hOllscoil Bhaile Átha Cliath áit ar bhain sé céim onórach sna Dána amach agus Ard-Teastas san Oideachas. Lean sé dá chuid oideachais i Londain,  ag freastal ar Institiúid Oideachais Choláiste Ollscoile Londain. Bhí sé ina mhúinteoir ina dhiaidh sin i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Caitliceacha & Protastúnacha, ó 1972 – 79 tráth ar chur sé eolas ar staid na nÉireannach thall agus mar a bhí an pobal dúchasach ag caitheamh leo (agus ní mba deas an radharc sin!).

 

Sula dtugtar aon eolas breise maidir lena chuid oibre mar mhúinteoir ceoil agus mar eagraí i Londain, is mian le Brendan an ráiteas seo a leanas a dhéanamh:

 

“Cibé céard a bhain mé amach i Londain i réimse an cheoil agus i gcúrsaí cultúir, tá sé tábhachtach a lua nach bhféadfainn tada de a dhéanamh murach an cúlra saibhir ceoil a bhí i Londain agus ceoltóirí na hÉireann a bhí ann agus an gean daingean a bhí acu don cheol. I measc na gceoltóirí mór sin atá i mo chuimhne tá:  Raymond Roland, RIP, Liam Farrell, John Bowe, Roger Sherlock, RIP, Sean Maguire, RIP; Bobby Casey, RIP; Martin agus Theresa McMahon; Jimmy Power, RIP; Tony Ledwith; Paddy Malin RIP; Gabe Sullivan, RIP; Tommy McCarthy, RIP; Tommy Maguire, RIP; Willie Clancy, RIP; Paddy agus Kevin Taylor, RIP; PJ Crotty, RIP; Con Curtin RIP; Tom O’Connell; Seamus Ennis, RIP – is liosta an-fhada é sin. Ionaid cosúil le:- Fulham, Highbury, Kilburn, Islington, New Cross, Southall, Cricklewood, Holloway – gan ach cuid acu a lua.

Chomh maith leis sin, murach dúthracht mórchroíoch agus fuinniúil tuismitheoirí agus mo chomhghleacaithe teagaisc, ní bheadh faic bainte amach agam. Theastaigh ó fhir agus ó mhná na hÉireann a stair agus a n-oidhreacht féin a roinnt lena bpáistí. Tháinig siad ina sluaite chuig na ranganna. Seo iad na tuismitheoirí mórtasacha céanna a thug a gcuid páistí chuig líon mór contaetha in Éirinn sna blianta ina dhiaidh sin, go bhfeicfí chomh maith is a d’éirigh leo i Londain. Deirtear liom gur mba údar misnigh iad do phobail in Éirinn ar thug siad cuairt orthu le linn laethanta saoire. Thagadh na tuismitheoirí céanna ina sluaite chuig Ceiliúradh na Féile Pádraig i gCearnóg Trafalgar i Londain, mar chuid den bhuíon ceoil óg agus aosta a bhíodh ar stáitse os comhair lucht féachana de bhreis is 40,000 duine!

Go gcloise siadsan atá anois ar shlí na fírinne mo phaidir aitheantais dóibh agus dóibh siúd atá linn fós, ceoltóirí agus tuismitheoirí araon agus na gaolta chomh maith, nach ndéanfaidh mé dearmad go deo ar an obair mhór a rinneadh chun ceol na tíre a cheiliúradh agus a chur ar chomhchéim le cultúir eile an domhain mhóir. Mura ndéarfar dada eile, teastaíonn uaim go ndéarfar seo.”  Brendan Mulkere

 

Chomh maith le bheith ina cheoltóir paiteanta agus gur mhúin sé raon leathan uirlisí – an fhidil, an bosca, bainseó agus an fheadóg, is eagraí agus áisitheoir a bhí i mBrendan ar imeachtaí de chultúr na hÉireann i Londain. Seo a leanas na hAidhmeanna a bhí aige a bhaint ina chlár teagaisc ceoil:

 

  • Folús a líonadh ó thaobh teagasc agus forbairt an cheoil Ghaelaigh i Londain.
  • Teaghlaigh agus daoine fásta a bheith páirteach sa phróiseas foghlamtha agus sin a bheith ina ghné thábhachtach shóisialta
  • Timpeallacht dhearfach agus thairbheach a thabhairt chun cinn chun cuidiú le forbairt phearsanta gach duine a bheidh páirteach sa gclár foghlamtha.
  • Ceol na hÉireann a chur faoi bhráid pobal níos leithne i Londain agus níos faide ó bhaile.
  • Ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a cheiliúradh

 

Ba seift a bhí i ranganna agus i gcoirmeacha ceoil a bhunú ar fud Londain ag Brendan chun íomhá dearfach d’Éirinn a thabhairt chun cinn, go háirithe i measc an aos óig, agus a chuirfeadh ina cheart  an drochléiriú a bhí forleathan sna meáin.  Thosaigh ranganna i Luton i 1972 (ar chuireadh ón Athair Joe Hourigan), agus i gCricklewood ar an taobh thiar-thuaidh de Londain. Ina dhiaidh sin bunaíodh ranganna i St Albans, Bedford, Welwyn Garden City, chomh maith le hionaid eile ar fud Londan, áit a raibh meascán de hallaí agus scoileanna Protastúnacha in úsáid i gceantair cosúil le:- Kilburn, Whitechapel, Ilford, Seven Kings, Stoke Newington, Harrow, Wandsworth, Wimbledon, Greenwich, Dulwich agus Ealing. Ba ghearr gur mba áiteanna iad na haonaid seo d’imeachtaí do mhuintir na hÉireann. Le cabhair ó thuismitheoirí, chothaigh Brendan ceangal idir na ranganna seo ar fad agus tugadh le chéile iad in aon eagraíocht amháin chun cur chun cinn na ranganna a éascú, tríd coirmeacha ceoil beaga agus móra a eagrú i Hallaí Baile. Bhí ceoltóirí iomráiteacha, a tháinig ar cuairt as Éirinn páirteach sna coirmeacha ceoil seo sna 70í – Tommy Peoples, Matt Molloy, Sean Maguire, Seamus Connolly, Joe Burke, The Bothy Band – ceoltóirí aitheanta ag roinnt an stáitse le ceoltóirí díograiseacha óga. Sna hochtóidí, le linn na féile bliantúla ealaíon, Síol Phádraig, bhíodh oirfidigh ar nós De Dannan, Sharon Shannon, Stocktons Wing, Dolores Keane, Dervish agus Boys of the Lough, Liam O’Flynn, Maddy Prior, Reel Time agus Óige, páirteach – liosta le háireamh!

 

Ba mhór a b’fhiú na gníomhaíochtaí teagaisc seo in athbheochan agus i scaipeadh an cheoil Ghaelaigh i Londain chuig pobail níos leithne i rith na seachtóidí agus freisin, tríd craoltaí raidió agus coirmeacha ceoil. Ba chuid de phróiseas oiliúna na gceoltóirí óga é chomh maith le bheith ina cheiliúradh ar oidhreacht ceoil na hÉireann, ní ar chúl doirse dúnta i bpubanna lán deataigh, ach in ionaid mhóra phoiblí, le bolscaireacht agus poiblíocht chun lucht éisteachta agus meascán leathan de phobal Londan a mhealladh, dream a bhí míchompordach ag dul isteach i bpubanna Éireannacha. Ba iarracht coinsiasach a bhí anseo deireadh a chur leis an gclaontacht mhíchothrom a bhí sna meáin i gcoinne mhuintir na hÉireann. Rinne na hócáidí seo Oidhreacht na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn, tráth a raibh drochmheas ar Éireannaigh. Chruthaigh an caidreamh ar an stáitse agus anuas den stáitse, idir na ceoltóirí as Éirinn agus na daltaí naisc luachmhara fadsaoil, rud a chothaigh an dara glúin ceoltóirí, atá anois ag casadh agus ag teagasc ceoil i Londain agus in áiteanna eile. Chun daltaí a spreagadh tuilleadh, chun caighdeán a ardú tuilleadh agus leis an gclár ceoil a chur i gcomhthéacs an churaclaim oideachais níos leithne, thug Brendan isteach córas grádaithe Choláiste Ceoil Londan, Ollscoil Londain Thiar. Roghnaíodh sé shiollabas scrúdaithe oiriúnacha do gach dalta. Rinne Ollscoil Londain Thiar teastasú ar na scrúduithe agus bhí aitheantas idirnáisiúnta acu  ar chomhchéim le daltaí sa gceol clasaiceach. Spreagadh mic léinn de gach aoisghrúpa le hullmhú chun scrúdaithe a dhéanamh. Is ionann Grád 8 Onóracha agus Leibhéal AS. Bhí daltaí áirithe ábalta leanúint ar aghaidh chun ullmhú do dhioplómaí nó do chéimeanna sa cheol Gaelach, faoi scáth Ollscoil Londain Thiar.

 

I 1979 d’éirigh Brendan as a phost múinteoireachta i Hampstead leis na ranganna a fhorbairt agus le bheith ar dhuine de stiúrthóirí an chláir Ceol Traidisiúnta na hÉireann a bhí ina dhlúthpháirt den Fhéile ‘A Sense of Ireland’ a reáchtáladh nuair a bhí Londain ina Cathair Chultúrtha na hEorpa. I 1980, léirigh an fhéile an clár is cuimsithí, uile-réimseach, den ealaín Éireannach – Amharclannaíocht, Ceol, na Físealaíona agus na Taibhealaíona – a facthas riamh lasmuigh d’Éirinn. Tharraing amharclanna agus ionaid ealaíon ar fud an West End na sluaite de mhuintir na hÉireann chun freastal ar imeachtaí na Féile Éireannaí seo.

 

Mar thoradh ar an ardú feasachta seo ar chultúr na hÉireann i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus ag leanúint as an tsraith coirmeacha ceoil, ar éirigh thar barr leo, bheartaigh Brendan Féile bhliantúil d’ealaíona na hÉireann a bhunú i Londain –  “Síol Phádraig”. Bhunaigh sé scátheagraíocht i 1983, “The London Irish Commission for Culture and Education”, chun an clár ealaíon a fhorbairt i mór-ionaid i Londain – South Bank, Royal Festival Hall, Purcell Rooms, Queen Elizabeth Hall, Shaw Theatre, Lyric Theatre, Greenwich Theatre, Tricycle Theatre, Almeida Theatre, Brentford Arts Centre, Commonwealth Institute, chomh maith leis na Hallaí Baile fud fad Londan.  Forbraíodh clár na gcoirmeacha ceoil agus tugadh isteach taispeántais, drámaí, scannáin, litríocht/filíocht agus léachtaí le scríbhneoirí mór le rá as Éirinn, Sasana, Albain agus an Afraic, agus thug siad sin faoi chamchuairteanna taobh amuigh de Londain i ndiaidh tréimhse na féile cúig seachtaine i Londain. Thug ealaíontóirí Éireannacha agus filí cuairt ar scoileanna mar chuid den fhéile, faoi scáth an ‘Anglo-Irish Education Exchange Project’.

 

Rinne sé cóiriú ceolfhoirne, d’eagraigh sé agus léirigh ceol traidisiúnta do na coirmeacha ceoil a cuireadh ar stáitse ag an bhféile bhliantúil, “Music for Youth Festival”, in ionad an South Bank – bhí a chuid daltaí sa dara háit don phríomhdhuais dhá bhliain as a chéile.

 

Bhí an ‘Anglo Irish Education Project’, tionscadal forbartha curaclaim, a bhunaigh seisean freisin, ar bun ag an am ceanna leis an bhféile ach go raibh sin ar siúl ar feadh na bliana scoile chomh maith. Ba chomhfhiontar a bhí anseo le Roinn Oideachais agus Eolaíochta na Ríochta Aontaithe, Tascfhórsa Oideachais an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an Roinn Oideachais in Éirinn, chun malartuithe agus comhoibriú a chothú ag gach leibhéal i measc scoileanna sa Bhreatain agus in Éirinn. Lean sraith de chomhdhálacha agus léachtaí oideachais seo. Rinne an Cultural Relations Committee, Foreign Affairs Ireland, údaráis ar nós Inner London Education Authorities, Tascfhórsa Oideachais an Chomhphobail Eorpaigh, Gulbenkian Foundation agus cuid mhaith de bhardais Londan maoiniú ar na himeachtaí seo.  Bhí na tograí seo ar bun ó 1982 go 1994. Bhí an clár ceoil fréamhaithe sna himeachtaí níos leithne seo agus bhí siad idirghníomhach.

 

Áirítear cuid de na ceoltóirí is clúití in Éirinn i measc dhaltaí Brendan. An Dr Niall Keegan -Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil, Ollscoil Luimnigh, John Carty (ar bronnadh gradam Ceoltóir na Bliana air roimhe seo), Paul Gallagher, Adrian agus Sharon Bourke, Siobhan O’Donnell, Kane O’Rourke, Peter Campbell, John agus Caroline Blake, Lamont Gillespie, Emmet Gill, agus a mháthair Marion, a dheartháir Sierson, Joe agus Michael, John Whelan, Patricia Noble, Pauline Mahon, Ester agus Barbara Hackett, Theresa Stenson, Caroline Judge (RIP), Andy Martyn, Eoin Toher, Mick Conneely agus na deirfiúracha Cathleen agus Bernadette, Annette Roland  – liosta mór fada. Tá ar a laghad 20 dá chuid iardhaltaí ag teagasc an cheoil in áiteanna éagsúla sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.

 

Tá sé ina theagascóir cuairte fidle do chlár na Máistreachta Ceoil in Ollscoil Luimnigh anois le dhá bhliain déag. Tá cuid mhór fonn curtha le chéile agus athnuaite aige, cuid acu a chuireann sé i láthair in Ollscoil Luimnigh don rang comhnasctha máistreachta faoin teideal “Creative Process”. Tá rún aige leabhar de na foinn seo a fhoilsiú san Earrach, i gcomhpháirt le hOllscoil Luimnigh.

 

Bhunaigh sé an lipéad ceirníní Inchecronin i 1974 chun ceoltóirí na hÉireann i Londain a thaifeadadh.

 

Taifeadtaí:             Éigse na Laoi; Thatch Céilí Band; CCE award; Irish Post Community award 1978

                                 HUP TV

 

Físeáin ar Fáil