Gradam Comharcheoil / Cumadóireachta | Tríona Ní Dhomhnaill | Gradam Ceoil TG4 2019 | TG4 Skip to main content
Menu

Gradaim 2019

Gradam Comharcheoil / Cumadóireachta

Is amhránaí, ceoltóir agus cumadóir í Tríona Ní Dhomhnaill a bhí páirteach i gcuid de na grúpaí is tábhachtaí riamh ó thaobh cheol traidisiúnta na hÉireann de, agus is cinnte go bhfuil sí ar dhuine de na daoine is tábhachtaí agus is lárnaí maidir leis an gceol sin a fhorbairt ó dheireadh na seascaidí.

Tríona Ní Dhomhnaill

Ardlua

Is amhránaí, ceoltóir agus cumadóir í Tríona Ní Dhomhnaill a bhí páirteach i gcuid de na grúpaí is tábhachtaí riamh ó thaobh cheol traidisiúnta na hÉireann de, agus is cinnte go bhfuil sí ar dhuine de na daoine is tábhachtaí agus is lárnaí maidir leis an gceol sin a fhorbairt ó dheireadh na seascaidí. Cé gur duine séimh í, seinneann sí le cumhacht agus fórsa, mar is léir ón méid a chuir sí le bannaí ar nós Skara Brae agus The Bothy Band. Cé gur i gCeanannas i gCo. na Mí a tógadh í, tá Tríona an-dílis don traidisiún amhránaíochta a bhaineann le háit dúchais a tuismitheoirí, Rann na Feirste in iarthuaisceart Dhún na nGall. Táimid fíorbhuíoch don bhean iontach seo, as an sonas a thug sí dúinn lena cuid taifeadtaí agus léiriúchán ceoil. Chun aitheantas a thabhairt dó sin, braithimid nach raibh aon dul as ach Gradam Cumadóireachta agus Comharcheoil TG4 2019 a bhronnadh i mbliana ar Thríona Ní Dhomhnaill.
 
 

Biog

Is minic a luaitear Tríona Ní Dhomhnaill le roinnt de na bannaí is mó a raibh tionchar acu in éabhlóid an cheoil thraidisiúnta ó na 70í; grúpaí mar  SKARA BRAE, The BOTHY BAND, RELATIVITY agus NIGHTNOISE. Bhí a cuid amhránaíochta agus an méid uirlisí éagsúla a bhí ábalta a sheinm ina chloch coirnéil ag na ngrúpaí sin ar fad.

 

Cé gur cumadóir ceoil, ceol comhaimseartha agus den stíl thraidisiúnta, í Tríona freisinfhaigheann sí an t-aitheantas céanna air sin. Tá Tríona ag cumadh amhrán agus fonn ó bhí sí ina déagóir. I 1970, chas Danny Doyle amhrán a chum sí, “Words”, sa Chomórtas Náisiúnta Amhránaíochta agus cuireadh an t-amhrán sin ar aghaidh d’Éirinn sa Chomórtas Eoraifíse. D’eisigh Gael Linn an t-amhrán “Faoileán”, amhrán a scríobh an file Michael Davitt, faoi chúrsaí timpeallachta agus ar chuir Tríona ceol leis ar an lipéad a bhí acu i 1975. Eisíodh leagan iomlán de The Trio Collection a raibh Dolly Parton, Emmylou Harris agus Linda Ronstadt páirteach ann anuraidh.  Is é amhrán Thríona, “In a Deep Sleep”, a thaifead Linda Ronstadt i 1988, uimhir a 19 ar an gceirnín.  Tá taifeadadh déanta ag an réalta ceoil as an tSeapáin, Mimori Yusa, ar na hamhráin “The Road to Nowhere” agus “Island of Hope and Tears”, a chum Tríona.  Tá cuid mhaith dá saothar le cloisteáil ar ábhar atá taifeadta ag Nightnoise. Bíonn “Snow on High Ground” le cloisteáil go minic ar chlár John Creedon, ar RTÉ Raidió 1. Is í féin a chum agus a cheap gach píosa ceoil ar a halbam féin, The Key’s Within, a eisíodh in 2010 agus is í féin a chasann gach uirlis ar an gceirnín sin chomh maith.

 

Is sna seachtóidí a tugadh suntas do Thríona den chéad uair i ndomhan an cheoil thraidisiúnta in Éirinn. Ní raibh ach ina cailín scoile agus bhí sí ina ball den bhanna ceoil iomráiteach SKARA BRAE, in éineacht lena deirfiúr óg Maighréad, a deartháir Mícheál agus an giotáraí agus an t-amhránaí as Doire, Dáithí Sproule. Deirtear go bhfuil an ceirnín sin a thaifead siad ar lipéad Gael Linn ar cheann de na ceirníní Éireannacha is tábhachtaí agus is mó tionchar riamh agus go bhfuil traidisiún saibhir amhránaíochta Dhún na nGall le brath go mór air.

 

Bhí stór breá d’amhráin i mBéarla agus i nGaeilge ag aintín Thríona, Neilí Ní Dhomhnaill, as Rann na Feirste i gCo. Dhún na nGall agus bhí tionchar nach beag aici ar Thríona agus í ag éirí aníos. Cuid lárnach de chur chuige ceoil Thríona ná tuiscint dhomhain a bheith ar an áit as ar fáisceadh muid agus feasacht iomasach ar áilleacht agus luach an amhráin mar aon le traidisiún an cheoil.  Nuair a bhí deireadh le SKARA BRAE, bhí Tríona agus a deartháir Mícheál lárnach i mbunú an bhanna chlúitigh, The Bothy Band, grúpa sárcheoltóirí, a bhí le borradh a chur faoin gceol traidisiúnta. I measc na gceoltóirí a bhí páirteach sa Bothy Band in éineacht le Tríona agus Mícheál bhí Matt Molloy, Paddy Keenan, Tommy Peoples, nach maireann (ar ghlac Kevin Burke a áit ina dhiaidh sin) agus Donal Lunny. Bhí ceol méarchláir Thríona ina bhunchloch ag an ionsaí rithimeach, fíochmhar seo a bhfuil siad aitheanta leis agus d’fhág Tríona & Mícheál a lorg féin ar na ‘Bothies’ leis an rogha amhrán a bhí acu a bhain le traidisiún na gConallach.  Is albaim chlasaiceacha an chúig albam a d’eisigh siad i seánra na mbannaí traidisiúnta a thugann spreagadh fós do cheoltóirí óga na linne seo.

 

Nuair a scor an Bothy Band i 1979, bhog Tríona go North Carolina agus bhí sí páirteach sa bhanna Touchstone. Áirítear i measc na dtograí ceoil eile a raibh Tríona lárnach iontu Relativity, in éineacht lena deartháir Mícheál chomh maith leis na deartháireacha Johnny agus Phil Cunningham as Albain. Bhí baint aici freisin leis an ngrúpa cáiliúil a raibh blas an tsnagcheoil le brath ar a chuid ceoil, Nightnoise, a bhí ar cheann de na grúpaí ba mhó a dhíol ceirníní ar lipéad Windham Hill.

 

Tá dlúthcheangal ceoil idir Tríona agus a deirfiúr Maighréad ó aimsir SKARA BRAE agus ba léiriú air sin an ceirnín a d’eisigh siad i 1999 Idir an Dá Sholas/Between Two Lights, ar mba cloch mhíle shuntasach ina ngairm ceoil é. Léirítear arís eile ar an taifead seo an stíl shainiúil, comhcheoil faoi leith atá aici.

 

Tá an bheirt anois tagtha le chéile le beirt Chonallach mná eile, Moya Brennan (Clannad) agus Mairéad Ní Mhaonaigh (Altan) i T with the Maggies agus is breá leo an oidhreacht Ghaeltachta atá acu a roinnt.  

 

Bean a bhfuil bua an cheoil go smior inti, a bhfuil tuiscint iontach aici ar thraidisiún saibhir a muintire féin agus a bhfuil fiosracht ceoil inti, saothar Thríona úr ach seasmhach, fuinniúil agus anamúil agus fréamhaithe sa dúchas.

 

Samplaí dá cuid Ceoil

Invisible Wings

Hugh

Three little nieces

Mind the Dresser

The Cuillin Hills

Another wee niece

Snow on High Ground

End of the Evening

Water Falls

This Just In

Song in F

 

Samplaí dá cuid amhrán

The Road to Nowhere

Island of Hope and Tears

Shadow of Time

The lonely wanderer

At the end of the evening

Gathering Pace

Snow is lightly Falling

Starwood

Físeáin ar Fáil