Sparánacht Ghradaim Ceoil TG4 | Scéim Sparánachta | Ceol | TG4 Skip to main content
Menu

Gradam Ceoil TG4

Ar mhaith leat Sparánacht Ghradam Ceoil TG4
a fháil chun freastal ar Scoil
Samhraidh Willie Clancy?


Scéim sparánachta nua fógartha.

Sparánacht Ghradaim Ceoil TG4

Ar mhaith leat Sparánacht Ghradam Ceoil TG4 a fháil chun freastal ar Scoil Samhraidh Willie Clancy?
 
‘Sparánacht Ghradaim Ceoil TG4’ – scéim sparánachta nua fógartha ag Gradam Ceoil TG4 chun cuidiú le ceoltóirí óga agus a dteaghlaigh ar mian leo freastal ar Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach.

Bronnfar dhá sparánacht i gcéad bhliain na scéime chun tacú le dalta idir 12 agus 15 bliana agus dalta idir 15 agus 18 mbliana.

Cumhdóidh gach sparánacht costas a bhaineann le teagasc uirlise de do rogha agus suas le costais €500 don dalta i leith lóistín agus costais.
 
Chun iarratas a dhéanamh, uaslódáil mír díot féin ag casadh poirt agus déan cur síos gearr ó bhéal nó i scríobh (i mBéarla nó i nGaeilge) ar an gcúis gur tusa a cheart an sparánacht a fháil.

Seol sin chuig eolas@gradam.ie faoin 16 Meitheamh.
 
Ceoltóirí ar bronnadh an gradam Ceoltóir Óg TG4 orthu roimhe seo a thabharfaidh breithiúnas ar na hiarratais agus fógrófar na buaiteoirí an 23 Meitheamh.

 

Físeáin ar Fáil