Hector - Ó Siberia go Saigon | Hector Ó hEochagáin | Taisteal | Siamsaíocht | TG4 | #HectorTG4 Skip to main content
Menu

Hector – Ó Siberia go Saigon

Domh
11.00pm
     

Is i gcathair mhór Chongqing sa tSín a chuirfidh
Hector tús lena thuras an tseachtain seo

Dé Domhnaigh @ 11.00pm

Fógraíocht

Hector Ó Siberia go Saigon 10-2

Rátáil Tuismitheora: 12A

Is sa Mhongóil a bheidh Hector an tseachtain seo, an tír ina bhfuil an phríomhchathair is truaillithe agus is fuaire ar domhan. Tabharfaidh sé cuairt ar bhaile atá brat le pubaill. Casfaidh sé le hiriseoir as an áit chun eolas a fháil ar chúlra na tíre atá sáinnithe idir an tSín agus an Rúis. Gheobhaidh sé amach chomh maith faoin spéis mhór atá ag muintir na tíre i gGeingeas Cán. Tar éis cúpla babhta súmó a dhéanamh leis na páistí súmó, tabharfaidh sé a aghaidh ar thréadaí chun bualadh le marcaigh capall nach bhfuil ach 5 bhliana a bheidh ag marcaíocht i nDearbaí na Mongóile.

Chéad Taispeántas: 14 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Hector – Ó Siberia go Saigon

Tá an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar ais ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh breis is 8000 ciliméadar os cionn sléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus naoi dtír éagsúla an bealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh nó Saigon i Vítneam. I gceann de na réigiúin is lú daonra ar domhan a chuirfear tús leis an aistear is mó, is faide agus is spreagúla ar thug Hector faoi fós. Beidh sé in áit atá 3500 ciliméadar ó Mhoscó, príomhchathair na Rúise, agus atá i gcroílár réigiúin as a bhfuiltear ag díbirt deoraithe agus príosúnaigh leis na mílte bliain. Sea, tá Hector ar ais agus ag cur tús lena thuras is mó i gcroílár na Sibéire.
 
An tSeachtain seo:
Is i gcathair mhór Chongqing a chuirfidh Hector tús lena thuras an tseachtain seo, an baile uirbeach is sciobtha atá fás ar domhan. Cuirfidh sé eolas ar thogra Panda – togra chun carranna a roinnt agus a bhfuil an-tóir air. Rachaidh sé ar an traein ardluais ansin go Chengdu. Ina dhiaidh sin rachaidh sé chuig linn snámha do mhadraí agus cuirfidh sé aithne ar The Hormones, banna ceoil cailíní a bhfuil an-tóir ag muintir na Síne orthu. Tabharfaidh sé a aghaidh ó dheas ansin chuig áit dúchais na núdal agus níos faide ó dheas ansin go Dali.

Físeáin ar Fáil