Hollywood in Éirinn | Sraith Faisnéise Siamsaíochta | TG4 Skip to main content
Menu

Hollywood in Éirinn

Déar
9.30pm
Sath
2.25pm
     

Sraith 1 – Dé Sathairn @ 2.25pm
Sraith 2 – Déardaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Hollywood in Éirinn 2-3

Rátáil Tuismitheora: G

An dara sraith ina gcaitheann an t-aisteoir aitheanta Seamus Moran súil siar ar an tionchar a bhí ag mór-scannáin Hollywood a rinneadh in Éirinn ar na bailte ina ndearnadh iad. Tabharfaimid cuairt ar Chill Mhantáin, an áit ar taifeadadh an scannán 'Dancing at Lughnasa' le Brian Friel. Taispeánadh é den chéad uair sna Gleannta i nDún na nGall, an suíomh a thug inspioráid don dráma. Tabharfaimid cuairt ar na haisteoirí breise a bhí sa scannáin in éineacht le Meryl Streep, Michael Gambon agus Catherine McCormack.

Chéad Taispeántas: 2 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith a chaitheann súil ar an tionchar a d’imir léiriú mór-scannáin ar an bpobal áitiúil in Éirinn inar tharla an scannánú ar an láthair.  Tugann muid cuairt ar na gceantair le cuimhní na ndaoine a chloisteáil ar an bhfuadar a bhain leis an léiriú, an fhostaíocht a gineadh go háitiúil, an leas eacnamaíoch a rinne sin ag an am, na fadhbanna a tháinig chun solais  agus an oidhreacht thurasóireachta a d’fhág an scannán le uachta go háitiúil, má d’fhág.

Sna blianta a caitheadh agus go fiú sa lá atá inniu ann, is mór-ócáid d’aon bhaile beag nó ceantar tuaithe in Éirinn go roghnódh léiritheoir mór as Hollywood é mar láthair dá scannán.  Tá airgead mór i gceist agus deis shuntasach ar fhostaíocht ag muintir na háite, bíodh sin ag soláthar seirbhísí don fhoireann léiriúcháin nó mar aisteoirí breise sa gcúlráid i gcuid de na radharcanna.
 

Físeáin ar Fáil