HUP! | Ceol Traidisiúnta | Sraith Teilifíse | Féilte | TG4 Skip to main content
Menu

Hup!

Domh
10.00pm
Luan
7.30pm
     

Seo aistear ceoil a ardóidh do chroí.
Dé Domhnaigh @ 10.00pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil - níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo - níl ann ach scoth an cheoil ó phlúr na gceoltóirí sa tír - agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm. I gCo. Chiarraí a bheimid an tseachtain seo in Oileán Ciarraí. Beidh píosa breá ceoil againn ó Paudie O'Connor, Aoife Ní Chaoimh, Nicky McAuliffe agus Anne McAuliffe.

Chéad Taispeántas: 12 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil – níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo – níl ann ach scoth an cheoil ó bhláth na gceoltóirí is fearr sa tír – agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm.

Taifeadadh an ceol le linn féile nó mór-imeacht cheoil agus tá béim ar uirlis ar leith agus blas na háite féin go láidir i ngach eagrán.

Tabharfar cuairt ar ionaid fhisiúla agus déantar an taifeadadh ceoil go cúramach, tuisceanach, séimh.   Cloisfear an seanóir agus an déagóir agus teaghlaigh ag seinm le chéile cois tine, cois abhann agus ar bháid.

Ó Dhún na Séad go Cill Fhionnúrach agus ó Ard Mhacha chun na Carraige, seo aistear ceoil a ardóidh do chroí agus a choipfidh do chuid fola le scoth na bhfonn agus na n-amhrán.  Orthu sin a bheidh páirteach, tá Tommy Emmanuel, Liam Ó Maonlaí agus Clann Uí Mhongáin.

Leiriú le Red Shoe Productions

Físeáin ar Fáil