Skip to main content
Menu

Imeall

     

Fógraíocht

Ceol ar an Imeall 7-1

Rátáil Tuismitheora: G

Sa chéad chlár den tsraith seo beidh Ham Sandwich agus Wyvern Lingo sa stiúideo agus casfaidh Eithne Shortall leis an amhránaí mór le rá Mark Ronson. Á cur i láthair ag Cian Ó Cíobháin.

Chéad Taispeántas: 14 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

 


Tá séasúreile chugainn den chlár seachtainiúil ó shaol an chultúir agus na n-ealaíon. Seo an naoiú séasúr agus bíonn fís agus faobhar sna míreanna a chuireann na láithreoirí Tristan Rosenstock agus comh-láithreoir nua, Ailbhe Ní Ghearbhuigh inár láthair.  Is minic iad ag taisteal na gcúl-bhóithre ealaíne ar thóir seoda nach bhfeicfeadh solas an lae murach iad.  Chomh maith leo sin, beidh tuairiscí rialta ó shaol an cheoil á soláthar ag Fiachna Ó Braonáin agus ó shaol na healaíne ag Sinéad Ní Mhaonaigh.

Tugtar ardán don tallann nua ach ní ligtear na healaíontóirí bunaithe i ndearmad ach oiread.  Ar na míreanna  a chraolfar i dtús an tséasúir, beidh cuairt ar Take me to the River,  Taispeántas nua Fergal McCarthy  ag VISUAL i gCeatharlach, agallamh agus oirfideadh le Temper-Mental MissElayneous  ceoltóir nuálach conspóideach, agallamh agus ceol ón gceoltóir/cumadóir  Colm Mac Con Iomaire (The Frames)  agus le Rory Fellowes, fear beochana Harry Potter

Beidh agallaimh amach anseo ar an tsraith leis an amhránaí/cumadóir Neil Hannon, le Brian Kennedy agus leis an bhfile  Simon Ó Faoláin.

Níl ansin ach cuid bheag den éagsúlacht a bheidh ar fáil go seachtainiúil ar Imeall.

 

Léiriú le Red Shoe Productions

Físeáin ar Fáil