Laochra Gael | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Laochra Gael

Céad
28.02
     

Sraith Nua ag tosú 28.02 @ 9.30pm

Fógraíocht

Anthony Tohill 11-2

Rátáil Tuismitheora: G

Bhí Anthony Tohill ar dhuine de na himreoirí lár páirce ab fhearr a bhí ann sna 90idí. Fear a fuair neart scór iontach ón imirt agus ó chiceanna saora. Bhuaigh sé craobh na hÉireann uair amháin, craobh Uladh faoi dhó, an tsraith Náisiúnta ceithre huaire agus tá ceithre ghradam All Star buaite aige. Bhí sé ina chaptaen agus ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann a d'imir sa bPeil Chomhrialacha in aghaidh na hAstráile. Cuirfear Peter Canavan, Tony Scullion agus Jarlath Burns faoi agallamh freisin.

Chéad Taispeántas: 20 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Laochra Gael – Sraith 16

Sraith nua. I measc na réalta spóirt an tséasúr seo beidh:

Lar Corbett – 28.02

Lar Corbett Thiobraid Árann laoch Gael an chéad chláir. Cuireadh gairm an fear spóirt Lar Corbett i gcomparáid leis an Tour de France mar go raibh sé chomh corrach sin. Ach nuair a bhí sé i mbarr a réime, ní raibh imreoir ar bith chomh géarchúiseach ná chomh cumasach le Lar Corbett. Chuir sé le cuid de na móimintí is fearr riamh san iomaíocht.

 

Graham Geraghty – 07.03

Fear lán le talann, fear éagsúil, fear teasaí agus fear dathúil – ba mhinic Graham Geraghty mar ábhar sna meáin thablóideacha sna 1990daí. Ba pheileadóir iontach agus conspóideach é Geraghty. Thar na blianta bhí baint aige le scannáin, le polaitíocht, le teach tábhairne agus le foireann sacair Arsenal. Is oibrí sóisialta é Graham anois a chuidíonn le daoine óga caoi a chuir ar a saol. Bhí a aistear saoil féin lán de thuas seal, thíos seal agus neart scéalta le hinseacht, dá réir.

Físeáin ar Fáil