Madraí na nGael | Faisnéis | Madraí Éireannach | Ainmhí | TG4 Skip to main content

Madraí na nGael

Déar
9.30pm
     

Déardaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Madraí na nGael 1-3

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith nua faoi phórtha madraí atá dúchasach don tír seo. Féachfar i ngach clár ar phór ar leith de mhadraí na nGael. An Sotair Éireannach is ábhar do chlár na hoíche anocht. Tá clú agus cáil orthu ar fud an domhain mar mhadraí foghlaeireachta den chéad scoth. Tugann an clár seo léargas dúinn ar stair shuntasach na sotar agus leanfaimid iad chuig an obair i bportaigh na hÉireann.

Chéad Taispeántas: 19 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Cé go bhfuil go leor pór eachtrannach ar fáil mar pheataí sa tír seo anois, tá áit ar leith i gcónaí don phór dúchasach, mar a léirítear sa tsraith seo, 6 chlár.  Díríonn gach eagrán den tsraith ar phór ar leith, ina measc An Faolchú Gaelach, An Brocaire Rua, an Ciarraíoch Gorm, An Spainnéar Uisce agus Brocaire Ghleann Ó Máil.

Shíolraigh ár sinsir na póir seo mar mhadraí oibre agus a scil uathúil féin ag gach ceann acu – ag cabhrú leis an duine ag seilg, ag fiach, ag aimsiú éan a bhí scaoilte ag foghlaeir nó ag cosaint na feirme.

Cé gurbh Corcaíoch bródúil é féin, bhí gean ar leith ag Micheál Ó Coileáin ar a ghadhairín féin, Ciarraíoch gorm agus ba ghnách leis an madra a chur san iomaíocht ag Seó na Madraí.

Léiriú le Ripple World Pictures 

Físeáin ar Fáil