Opry le Daniel | Clár Ceol Éireannach | Daniel O' Donnell | TG4 | Ceol Tíre Skip to main content
Menu

Opry le Daniel

Máir
9.30pm
Sath
8.15pm
     

Clár speisialta in ómós muintir Quinn
Dé Máirt @ 9.30pm

Fógraíocht

Opry le Daniel 8-1

Rátáil Tuismitheora: G

Filleann Daniel O'Donnell ar Fhóram na Mílaoise i nDoire chun clár speisialta a chur i láthair in ómós George Jones. I measc na n-aíonna beidh Georgette Jones, iníon le George agus Tammy Wynette, chomh maith le Jimmy Buckley agus Robert Mizzell. Beidh neart amhrán de chuid George Jones ar an gclár chomh maith le hábhar cartlainne.

Chéad Taispeántas: 6 Sam

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Opry le Daniel

Tá Opry, sraith chlúiteach cheol tíre TG4, ar ais don ochtú sraith. Is é Ard-Rí an cheoil tíre, Daniel O’ Donnell, a bheidh i mbun ceoil agus cainte le cuid de na hamhránaithe is mó le rá sa cheol tíre. Beidh sí seo ar an tsraith is fearr fós agus ceoltóirí tíre iomráiteacha ar an ardán arís i mbliana – Charley Pride, Georgette Jones, Jimmy Buckley, Robert Mizzell, Brendan Quinn, Isla Grant, Dominic Kirwan, John Hogan, Kathy Durkin, Gloria, Kathy Durkin, Tayla Lynn agus neart eile.
 


Clár 2: Na Quinns – Dé Máirt @ 9.30pm
Clár speisialta in ómós muintir Quinn. I measc na n-aíonna beidh Brendan, James agus Stephen Quinn as Machaire Fíolta, Co. Dhoire. Tabharfar léargas sa chlár ar shaol an teaghlaigh agus beidh neart ceoil le cloisteáil uathu ina n-aonar, mar ghrúpa agus in éineacht le Daniel féin.
 


Físeáin ar Fáil