Skip to main content
Menu

Pioc do Ride

     

Clár nua cúirtéireachta ar TG4, ‘Pioc do Ride’.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 15A

Síne as Baile na Manach a bheidh ag tóraíocht fir an tseachtain seo. Beimid i Stunt Drive Ireland san Inbhear Mór. Tá rogha aici idir driogaire as an Daingean, mac léinn óg as Contae an Chabháin agus saoithín ríomhaireachta as Baile Átha Cliath. Beidh rogha aigesean ansin dul le haghaidh béile in éineacht le Síne nó dearbhán 250 euro a chaitheamh ar a charr. Cé a roghnóidh sí agus an mbeidh cleamhnas déanta?

Chéad Taispeántas: 18 Bea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Clár cúirtéireachta ar TG4, ‘Pioc do Ride’

Is féidir linn a ghealladh duit 100% (ahem!) go gcasfar fear nó bean bhreá ort a dtitfidh tú i ngrá leo agus a bheidh éineacht leat go brách na breithe!! Gach seachtain, beidh ar chailín galánta amháin duine de thriúr fear a roghnú, bunaithe ar an gcineál cairr atá aige agus ar a chumas tiomána. An mbeifeá in ann duine a roghnú bunaithe ar a charr nó an dóigh leat nach mbeadh bean nó fear in ann do charr-sa a dhiúltú?

An Balla Sóisialta


Físeáin ar Fáil