Réalta agus Gaolta | Siamsaíocht | Tallann | Ceol | Damhsa | Clann | TG4 Skip to main content
Menu

Réalta agus Gaolta

Domh
8.30pm
Céad
7.30pm
     

Tá sé in am teacht ar an gcéad teaghlach eile a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don tír.
Dé Domhnaigh @ 8.30pm

Fógraíocht

Réalta agus Gaolta 1-6

Rátáil Tuismitheora: G

Ó na deartháireacha Clancy go Crystal Swing, tá teaghlaigh na hÉireann ag cur siamsaíochta ar fáil le blianta fada. Tá sé in am anois teacht ar an gcéad teaghlach eile a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don tír. Cé a bheas ar ardán le Kíla um Nollaig, ag casadh os comhair 2000 duine? Tá an brú ag méadú ar na teaghlaigh ar fad agus ar chlár na hoíche, roghnófar na daoine a rachaidh ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais! Beidh Síle Seoige ina láithreoir ar an gclár seo agus ag coinneáil súil ghrinn ar na teaghlaigh beidh Rónán Ó Snodaigh, Aoife Scott agus Sinéad Ní Uallacháin ag moltóireacht.

Chéad Taispeántas: 17 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Réalta agus Gaolta

Ó na deartháireacha Clancy go Crystal Swing, tá teaghlaigh na hÉireann ag cur siamsaíocht ar fáil leis na blianta. Tá cáil ar fud an domhain ar theaghlaigh mar The Corrs i saol an phopcheoil nó ar mhuintir Cunningham mar gheall ar an damhsa gaelach.
Tá sé in am anois teacht ar an gcéad teaghlach eile a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don tír.

 

Le linn 13 clár de Réalta agus Gaolta, tá sé i gceist teacht ar theaghlaigh úrnua réaltaí.

Chuamar fud fad na tíre ag lorg na dteaghlach is siamsúla ann agus anois tabharfaidh siadsan aghaidh ar a chéile sa stiúideo. Beidh seantuismitheoirí againn ag damhsa in éineacht le clann a gclainne, aithreacha agus a gclann mhac ag ceol, máithreacha, aithreacha agus ag gclann ag casadh na bport, col ceathracha ag crochadh cloigeann an tí le popcheol agus neart eile.

 

Is í Síle Seoige, a thuigeann go maith mar a oibríonn teaghlaigh i saol na siamsaíochta, a chuirfidh an tsraith i láthair!

Ag coinneáil súil ghrinn ar na teaghlaigh beidh na moltóirí:

Rónán Ó Snodaigh, ceoltóir agus príomhamhránaí Kíla. Ó bheith ar stáitse in éineacht lena chuid deartháireacha i Kíla is maith a thuigeann Rónán an t-olc agus an mhaith atá le bheith i mbun siamsaíochta in éineacht le do mhuintir féin. Ní chuirfidh sé fiacail ann nuair a bheidh sé ag tabhairt a bhreithiúnais do na hiomaitheoirí.
Aoife Scott, amhránaí agus scríbhneoir amhrán as Baile Átha Cliath. Duine de theaghlach clúiteach Black, ina measc a máthair Frances agus a haint Mary, tá mianach an cheoil go smior in Aoife.
Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir. Tá taithí mhór ag Sinéad i saol an raidió agus mar sin beidh a fhios aici go maith cad atá de dhíth ón tír. Is ise guth na ndaoine ar an bpainéal.

 

Cé acu teaghlach a bhainfidh clú agus cáil amach? Cé a rachaidh ón seomra suí go dtí an stáitse náisiúnta? Cé hiad an chéad teaghlach eile a chuirfidh an tír ag luascadh?

Cé bheidh ina seaimpíní Réalta agus Gaolta?

 

Físeáin ar Fáil